Is bagairt í an géarchéim tithíochta don nGaelainn mar theanga phobail in Iarthar Dhuibhneach

Posted on: 09 October 2026

Tá an géarchéim tithíochta ag bagairt ar inmharthanacht na Gaelainne mar theanga phobail i nGaeltacht Chorca Dhuibhne de réir pháipéar polasaí nua a d’fhoilsigh taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, inniu.

Eascraíonn an páipéar as bunstaidéar cáilíochtúil a d’fhiosraigh an cur amach a bhí ag muintir an cheantair ar an ngéarchéim tithíochta. Díríonn sé ar na himpleachtaí atá ann don phobal agus d’inbhuanaitheacht na Gaelainne, agus na hidirghabhálacha polasaí agus rialála atá riachtanach chun go mairfidh an Ghaeltacht do na glúnta amach anseo, de réir phobal na háite.


Cuirfear réamhthorthaí an staidéir “Ó Bhéal an Phobail: Tithíocht i nGaeltacht Chiarraí Thiar” i láthair ag ócáid i mBaile an Fheirtéaraigh tráthnóna.

“Léirigh an taighde difríocht shuntasach idir teacht isteach na ndaoine agus praghsanna na dtithe sa cheantar. Nuair a chuirtear é seo le heaspa tithe buanchónaithe mar thoradh ar thithe samhraidh agus ar thithe ar cíos gearrthréimhseach is bagairt é do thodhchaí phobal labhartha na Gaelainne in Iarthar Dhuibhneach” a mhíníonn an Dr Ann Nolan, príomhthaighdeoir an tionscadail atá lonnaithe i Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta.

De réir rannpháirtithe an staidéir tá cúrsaí tithíochta ina mbagairt ollmhór agus ina gcás “éigeandála” faoi láthair. 

Dúirt an Dr Nolan: “Tá líon na dtithe saoire agus líon na dtithe atá ar cíos gearrthréimhseach i gceantair éagsúla in Iarthar Dhuibhneach níos airde ná líon na dtithe buanchónaithe, agus ba chúis mhór imní é seo dóibh siúd go léir a ghlac páirt sa taighde.”

“An rud is mó a tháinig trasna ó na rannpháirtithe ná an scéin a bhí orthu faoin méid a chaillfear má leanann an géarchéim tithíochta gan freagra láidir, comhordaithe, agus spriocdhírithe ón Rialtas. Ní inacmhainneacht na dtithe amháin a bhfuil muintir na háite buartha faoi ach faoi thodhchaí na Gaelainne mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht.”

Tá an páipéar bunaithe ar mhodhanna meascaithe staidéir, a chuireann san áireamh tuairimí a bailíodh ó sé ghrúpa fócais (44 rannpháirtí), uimhreacha ón daonáireamh 2011-2022, anailís ar an litíocht acadúil agus polasaí, agus samplaí ábhartha atá inchurtha leis ó staidéir idirnáisiúnta. Foilseofar anailís iomlán ar na sonraí cáilíochtúla i bhfoilseacháin acadúla amach anseo.


Dr Ann Nolan agus Dr Neasa Ní Chiaráin 

Baineadh úsáid as teicneolaíochtaí cainte agus teanga a d’fhorbair ABAIR i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide chun sonraí príomhúla an staidéir a bhailiú.

Mhínigh an Dr Neasa Ní Chiaráin, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, comhúdar an staidéir:
 
“Ba as Gaelainn a reachtáladh cúig cinn as an sé ghrúpa fócais. Úsáideadh teicneolaíocht aitheanta cainte ABAIR-ÉIST chun na chéad trascribhínní a chur ar fáil agus cheartaigh foireann an tionscadail na trascribhínní ina dhiaidh sin. Chuir sé seo uaireanta fada comhrá i dtoll a chéile ar shlí a bhféadfaí anailís chruinn a dhéanamh ar thuairimí na rannpháirtithe ar scála mar seo. Seo é an chéad uair a úsáideadh uirlis Ghaeilge-bhunaithe i gcomhair staidéir den tsaghas seo. Tá an iliomad féidearthachtaí ann do chur chuige teic-bhunaithe mar seo chun cur go mór le cumas mhuintir na Gaeltachta a bheith rannpháirteach i bhforbairt daonlathach a gceantar féin.”
 
Impleachtaí an taighde seo do pholasaithe

Ó d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Treoir Bheartais Mholta maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Gaeltachta tugann an taighde seo léargais luachmhara ar an taithí atá ag muintir na Gaeltachta ina thaobh seo.

Caithfear Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) agus/nó Measúnacht Chuí (AA) a dhéanamh ar an dréacht Ráiteas Náisiúnta Pleanála (NPS) maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Gaeltachta faoi threoracha ón AE sula rachaidh sé go comhairliúchán poiblí.

Molann údair an staidéir go mbeadh comhtháthú níos daingne idir polasaithe pleanála tithíochta agus polasaithe pleanála teanga, agus ina theannta sin go bhfeicfí gur deis atá sa leagan uasdátaithe den Ráiteas Náisiúnta Pleanála (NPS) maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Gaeltachta cur chuige uile-Rialtais comhtháite a ghlacadh maidir le cosaint na Gaeilge mar theanga phobail do na glúnta atá le teacht.

Iarrann siad ar an Rialtas chomh maith athbhreithniú a dhéanamh ar an mBille um Ligean Gearrthéarmach agus um Thurasóireacht, 2026, agus imscrúdú a dhéanamh ar líon na dtithe atá le ligean ar cíos gearrthréimhseach i measc phobail bheaga Ghaeltachta.

“Ní féidir leis an Stáit an Ghaeilge a chosaint mar theanga phobail gan cosaint a thabhairt do lucht a labhartha. Ciallaíonn sé seo go mbeadh idirghabháil chuí i margadh na tithíochta, ardú suntasach ar líon na dtithe inacmhainne agus sóisialta, agus rialacha níos déine curtha i bhfeidhm san áit a bhfuil an t-éileamh ar thurasóireacht agus ar thithe saoire ag díláithriú an phobail bhuanchónaithe” a dúirt an Dr Nolan.

Leagan Béarla anseo.

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551