Speicis nua aimsithe: Éin áille a mhaireann ar oileáin san Indinéis
Posted on: 25 October 2022
Tá zó-eolaithe ó Choláiste na Tríonóide, i gcomhar le taighdeoirí Indinéiseacha, tar éis teacht ar scata speiceas nua sa chlann Nectariniidae - éin trópaiceacha ildaite ar a dtugtar “éin gréine”. D’fhionn na zó-eolaithe go bhfuil speiceas nach raibh aithne air roimhe seo, “Éin Gréine na Wakatobi” (Cinnyris infrenatus), ag maireachtáil ar oileáin beaga bídeacha i lár na hIndinéise darbh ainm Oileáin Wakatobi.
Dhírigh siad freisin ar speicis forleathana, an tÉan Gréine Dubh agus an tÉan Gréine Droimghlas, agus nochtadar go mbaineann na héin seo le scata speiceas nár ainmníodh go dtí seo.
Cuireann na torthaí seo lenár dtuiscint ar éabhlóid na n-ainmhithe sa réigiúin seo, atá ríthábhachtach don bhithéagsúlacht domhanda.
“Éin Gréine na Wakatobi” (Cinnyris infrenatus)
Maireann éin gréine sna teochreasa ón Afraic go dtí an Astráil. Tá siad mar mhacasamhail na ndordéan i gcuma agus ina nideog éiceolaíoch, ach amháin go maireann na dordéin i gCríocha Mheiriceá. Bíonn clúmh glédhaitheach ar an éan fireann de ghnáth, le cleití a lonraíonn sa ghrian ar nós miotail.
Tá zó-eolaithe tar éis staidéar a dhéanamh ar chlúmh na n-éan leis na céadta bliain, rud a lig dóibh os cionn 140 speiceas a ainmniú sa chlann Nectariniidae. Bhí na zó-eolaithe ón Tríonóid ábalta leas a bhaint as fianaise nua: ADN ó shamplaí géiniteacha, taifeadadh ar labhairt na n-éan, agus anailís staitistiúil. Cuireann an fhianaise seo uilig le fios go bhfuil clann na n-éan gréine níos ilghéithí fiú ná mar a ceapadh.
Taighdeoirí ó Scoil na nEolaíochta Nádúrtha sa Thríonóid agus ó Universitas Halu Oleo in Sulawesi na hIndinéise a scríobh an tráchtas nua seo. Tá an tráchtas díreach tar éis a bheith foilsithe in Iris Zó-Eolaíoch Chumann Linneus. B’í seo an iris chéanna a d’fhoilsigh teoiricí éabhlóide Charles Darwin agus Alfred Russel Wallace den chéad uair sa bhliain 1858.
D’fhill na zó-eolaithe ar choiscéim Wallace ar shlí eile freisin: bhunaigh seisean a theoiric éabhlóide ar na hainmhithe a chonaic sé san Indinéis, nó “Oileánra Mhalae” mar a ghlaodh uirthi ag an am.
Dúirt Fionn Ó Marcaigh, príomhúdar an tráchtais agus Taighdeoir Dochtúrachta i Scoil na nEolaíochta Nádúrtha:
“Rinne Wallace mionstaidéar ar scaipeadh na n-ainmhithe thar dhromchla an domhain. Tháinig sé ar theorainn tábhachtach i lár na hIndinéise ar a ghlaotar ‘Líne Wallace’. Is áit é seo ina éiríonn an mhuir i bhfad níos doimhne go tobann, agus tá ainmhithe éagsúla ina gcónaí ar na hoileáin ar an dá thaobh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an tÉan Gréine Droimghlas mar eisceacht, ag maireachtáil ón tSín go dtí an Astráil le Líne Wallace díreach i lár a raon.
“Léiríonn an tráchtas nua, áfach, go mbaineann éin ar an dá thaobh den Líne le speicis éagsúla, rud a thacaíonn le teoiricí Wallace. Bhí fios cheana nár mhair an tÉan Gréine Dubh ach ar an taobh oirthearch den Líne, ach tá muidne tar éis aimsiú go bhfuil scoilt sa specieas fiú sa raon sin.”
D’ainneoin an scoilt ag Líne Wallace, tá raon fairsing ag an Éan Gréine Droimghlas. Tá codarsnacht le bhraith in Éan Gréine na Wakatobi, nach maireann ach ar Oileáin Wakatobi amach ó chósta Sulawesi. Tarlaíonn oibriúna héabhlóide i slite ar leith ar oileáin beaga iargúlta mar seo, agus is minic go dtagann speicis cheantracha ón oibriú seo, nach maireann in aon áit eile ar domhain. Ta Oileán Galápagos mar shampla cáiliúil den choincheap seo. Tháinig Scoil na nEolaíochta Nádúrtha ar dhá éan eile sa réigiún céanna roimhe seo.
Ní hamháin go bhfuil ADN sainiúil ag Éan Gréine na Wakatobi, ach freisin tá clúmh dorcha air, tá guth níos géire aige, agus níl a sciatháin chomh fada leis na héin gréine eile. Is dócha nach raibh sé in ann Oileáin Wakatobi a fhágáil chun meascadh leis na héin gréine eile, toisc a sciatháin a bheith chomh gearr seo.
Dúirt Fionn Ó Marcaigh freisin:
“Is iontach an rud é go bhfuil speicis fós le haithint sa réigiún seo, atá chomh tábhachtach i stair na bitheolaíochta ó aimsir Wallace. Cuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuilimid tar éis líon na speiceas Indinéiseacha aitheanta a mhéadú. Nuair a d’fhorbair mé suim sa zó-eolaíocht mar pháiste óg, smaoinigh mé ar a leithéid de rud a dhéanamh. Freisin, seans iontach a bhí anseo modhanna nua-aimseartha a úsáid chun cuir le bunteoiricí an ábhair seo. Measaim go bhfuil sé an-suimiúil go dtacaíonn ár dtorthaí le smaointe Wallace.”
Is é an Dr David Kelly, Coláiste na Tríonóide, dara údar an tráchtais. Dúirt sé:
“Cuireann Éan Gréine na Wakatobi i gcuimhne dúinn go bhfuil an bithéagsúlacht mórthimpeall orainn i gcónaí. Níor aimsíomar an speiceas seo i lár an dufaire, ach i latraigh ar imeall na mbailte. Tá súil againn go mbeidh páistí na Wakatobi in ann sult a bhaint as na héin speisialta seo san am atá le teacht.”
Thacaigh an Chomhairle um Thaighde in Éirinn leis an taighde seo. Tá an tráchtas iomlán ar fáil saor ar shuíomh an fhoilsitheora
Media Contact:
Thomas Deane | Media Relations | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685