Mearoibriú na héabhlóide aimsithe ag zó-eolaithe in Oirdheisceart na hÁise – seo chugat Cabairí na Sulaivéise
Posted on: 09 October 2020
Tá zó-eolaithe ó Choláiste na Tríonóide tar éis sample d’oibriú na héabhlóide a rianú in éin teochreasacha san Áis, a bhfuil ag athrú go gasta ar oiléain beaga [Déardaoin 8 Deireadh Fómhair 2020].
D’fhionn na zó-eolaithe go bhfuil coiligh agus cearca den speiceas Pellorneum celebense (ar a ghlaotar Cabaire na Sulaivéise) tar éis éabhlóid a dhéanamh chun méid difriúil ó chéile a bhaint amach, agus nár ghlac seo ach tréimhse gairid ama. Measann siad gur tharla seo toisc go bhfuil ganntanas bia ar oileáin beaga, rud a oireann do dhifríocht nó “démhorfacht” idir an coileach agus an cearc a ligeann dóibh bianna difriúla a ithe ó chéile agus iomaíocht a sheachaint.
Cuireadh an taighde i gcrích le tacaíocht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ó chomhoibritheoirí in Universitas Halu Oleo, agus d’fhoilsíodh inniu é san iris Biotropica. Taispeánann sé go bhfuil na coiligh den speiceas suas go 15% níos mó ná na cearca – agus go bhfuil an difríocht seo níos treise ar oiléain beaga ná ar an mórthír.
Is é Fionn Ó Marcaigh, dalta dochtúrachta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha sa Tríonóid, príomhúdar an tráchtais. Deir sé:
“Maireann formhór na n-ainmhithe agus na bplandaí i gceantair teochreasacha, ach faraor is bocht ár dtuiscint ar mhórán díofa cé go bhfuil siad á chur i mbaol againn. Is fíor seo ach go háirithe i gcás speiceas neamhphostúla mar seo.
“Is éin cúthaile iad na cabairí a mhaireann i dtiubh na sceacha ar fud oileán na hÁise. De bharr go bhfuil an dath donn céanna ar chluimhreach an choiligh is a bhfuil ar an gcearc, ní ionann leis an bpiasún nó an gealbhan, cheap eolaithe roimhe seo nach raibh démhorfacht á thaispeáint acu. Léiríonn ár dtaighde nach fíor seo agus meabhraíonn sé dúinn go bhfuil neart le foghlaim againn faoi speicis teochreasacha más mian linn oibriú na héabhlóide a thuiscint agus oileáin iontacha ilghnéitheacha an domhain a chaomhnú.
“An rud nach dtuigeann tú, ní féidir leat é a chosaint.”
Is gné tabhachtach de speiceas é an démorfacht toisc go ligeann sé don choileach agus don chearc nideoga difriúla a líonadh san éiceachóras.
Tá coincheap ann i mbitheolaíocht na héabhlóide a deir: má léiríonn specieas démorfacht ar an mórthír, beidh an démorfacht seo níos treise fós ar oiléain, toisc go ligeann sé don specieas iomaíocht a sheachaint idir an cearc agus an coileach. Feictear seo de ghnáth ar oileáin atá an-iargúlta, áfach, áit a bhfuil an pobal scartha ón gcuid eile den speiceas agus neart ama tar éis bheith ann don éabhlóid.
Dúirt Fionn Ó Marcaigh freisin:
“Léiríonn ár dtaighde gur tharla an t-oibriú céanna ar oileáin atá i bhfad níos óga, agus a raibh ceangailte leis an mórthír le linn an oighearaoise 30,000 bliain ó shin. Níl ansin ach seal gairid ó thaobh éabhlóide de, rud a léiríonn dúinn gur tháinig an difríocht seo idir éin an mórthír agus éin na n-oiléan go sách gasta. Caithfidh go bhfuil sé sách tábhachtach don specieas seo dá bhrí sin.”
Cóip den tráchtas le fáil ach é a iarraidh: https://bit.ly/3nxBQx0.