Léiríonn staidéar idirnáisiúnta gur de bhunú dhá ilchríoch an madra ceansaithe
Posted on: 02 June 2016
Cá as ar tháinig an madra ceansaithe? Deir daoine gur san Eoraip a cheansaigh an duine an mac tíre ar dtús nuair a deir daoine eile gur san Áise Láir nó sa tSín a tharla sé. Léiríonn páipéar nua, atá díreach foilsithe san iris idirnáisiúnta Science, go bhféadfadh gach aon cheann a bheith ceart.
Le maoiniú ón gComhairle Eorpach um Thaighde agus ón gComhairle um Thaighde ar an gComhshaol Nádúrtha, rinne meitheal mór eolaithe idirnáisiúnta comparáid idir sonraí géiniteacha agus fianaise seandálaíochta a léiríonn go mb'fhéidir gur de bhunú dhá phobal mac tíre ar leith (atá anois imithe, is dóigh) an madra ceansaithe, dhá phobal a bhí lonnaithe ar dhá chloigeann na hEoráise. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh nach uair amháin a ceansaíodh an madra, mar a ceapadh go forleathan, ach faoi dhó.
Tá léargas as an nua le fáil ar stair éabhlóide an mhadra ó mhórthionscadal taighde idirnáisiúnta ar cheansú an mhadra a rinne srathú ar ghéanóm ( i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath) ó mhadra ar mheánmhéid a bhí 4,800 bliain a aimsíodh i dtuama pasáiste neoiliteach Bhrú na Bóinne, Éire. Rinne ceannairí an tionscadail in Ollscoil Harvard comparáid idir DNA miteacoindreach 59 madra ársa a bhí idir 3,000 agus 14,000 bliain d'aois le sainchruthanna géiniteacha breis is 2,500 madra den lá inniu a raibh staidéar déanta roimhe seo orthu.
Léiríonn toradh a gcuid anailíse go bhfuil éagsúlacht idir pobal madraí an lae inniu in Oirthear na hÁise agus san Eoraip. Aisteach go leor is cosúil gur go luath tar éis teacht ar fhianaise seandálaíochta ar mhadraí san Eoraip a tharla an deighilt seo. Léiríonn an fhianaise nua ghéiniteach chomh maith gur tháinig athrú ar an bpobal madraí san Eoraip, gur tháinig madra eile in áit an phobail luathmhadraí, rud a thagann le madraí a bheith ag teacht ó áiteanna eile. Ar deireadh, léiríonn athbhreithniú ar an taifead seandálaíochta go raibh luathmhadraí in Oirthear agus in Iarthar na hÁise breis is 12,000 bliain ó shin ach nach raibh siad i lár na hÁise go dtí le 8,000 bliain ó shin.
Agus iad curtha le chéile, tugann na torthaí nua seo le fios go ndearnadh ceansú ar mhadraí ó dhá phobal ar leith mac tíre, pobal amháin ag cloigeann amháin d'ilchríoch na hEuráise agus an pobal eile sa chloigeann eile. Tráth éigin le linn a gceansaithe, scaip na madraí a bhí sa gcloigeann thoir in éineacht le daoine a bhí ag tabhairt a n-aghaidh ar an Eoraip, áit ar mheasc siad le luathmhadraí na hEorpa agus ar tháinig siad ina n-áit. Tá meascán de mhianach mhadraí an Iarthair agus an Oirthir i bhformhór mhadraí an lae inniu – ceann de na cúiseanna a raibh sé deacair staidéir ghéiniteacha roimhe seo a thuiscint.
Faoin tionscadal nua, ina bhfuil sonraí géiniteacha nua-aimseartha agus ársa á dtabhairt le chéile in éineacht le taighde seandálaíochta agus moirfeolaíochta sonraithe, tá anailís á déanamh ar an mílte madra agus mac tíre ársa chun an pheirspeictíocht nua seo a thástáil agus am agus áit a leagan ar cá dar díobh ceann de na peataí is faide ar an saol againn.
Deir údar sinsearach, an tOllamh le Géineolaíocht Pobal i gColáiste na Tríonóide, Dan Bradley: “Is é an DNA sa chnámh ó mhadra Bhrú na Bóinne an DNA ársa is fearr caomhnaithe ar thángamar air riamh agus leis tá géanóm réamstaire ardchaighdeáin neamhchiotianta ar fáil. Ní nod atá anseo maidir leis an am a caitheadh ach tugann sé léargas beacht ar leith dúinn ar an tréimhse.
Deir údar sinsearach agus Stiúrthóir Palaeo-BARN (the Wellcome Trust Palaeogenomics & Bio-Archaeology Research Network) in Ollscoil Oxford an tOllamh Greger Larson: “Is rud neamhghnách é ceansú aimhnithe agus bíonn go leor fianaise de dhíth chun an bonn tuisceana nár tharla sé ach uair amháin i gcás aon speicis a bhréagnú. Léiríonn an fhianaise DNA ársa in éineacht leis an taifead seandálaíochta ar luathmhadraí nach mór dúinn féachaint go neamhspleách ar an líon uaireanta a rinneadh ceansú ar an madra. D'fhéadfadh gurb í an chúis atá leis ná nach bhfuil gach duine ar aon intinn cá ndearnadh ceansú ar mhadraí ar dtús mar go raibh cuid den cheart ag gach duine".
Deir údar sinsearach an Dr Laurent Frantz ó Palaeo-BARN, is gearr le féachaint i leabhair staire é a bheith ag iarraidh léiriú a thabhairt ar an am a caitheadh le DNA an lae inniu, ní bhíonn a fhios agat ar chor ar bith an bhfuil cuid thábhachtach de fágtha ar lár. Ar an lámh eile, is gearr le meaisín ama é an DNA ársa inar féidir linn staidéar díreach a dhéanamh ar an am atá caite.
Deir Victoria Mullin, taighdeoir PhD sa Ghéineolaíocht i gColásite na Tríonóide agus comhúdar príomha:“Is mistéir é an ról a bhí ag madra Bhrú na Bóinne ina phobal neoiliteach ag an am. Anois áfach sa 21ú haois, tá ról tábhachtach á imirt arís aige maidir le tuiscint a thabhairt ar an bpróiseas a bhain le cara dílis an duine a cheansú.