Dúil ag Beacha i Neachtar le Lotnaiticídí
Posted on: 30 April 2015
Tá mealladh na mbeach i neachtar ina bhfuil lotnaidicídí coitianta de réir mar atá tugtha faoi deara ag lucht eolaíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Newcastle. D'fhéadfadh sin a fhágáil gur mó an seans go mbuailfeadh leibhéil arda lotnaidicídí iad. Tá le tuiscint ó thaighde a rinneadh roimhe seo go ndéanfadh sin dochar do bheacha ó thaobh folláine de.
Tríd an saothar taighde seo, arna fhoilsiú in Nature, an iris idirnáisiúnta faoi bhreithmheas lucht léinn is mó iomrá, tugadh chun aire nach bhfaigheann an bhumbóg earr-dhonnbhuí ná an bheach mheala blas aon cheann de na trí lotnaiticíd ‘neoinicitíonóidigh’ is coitianta a úsáidtear agus nach seachnaíonn siad iad dá bhrí sin. Go deimhin, ba léir gurbh fhearr leis na beacha an bia a raibh na lotnaidicídí ann: nuair a tugadh rogha do na beacha idir tuaslagan siúcra agus tuaslagan siúcra le neoinicitíonóideach ann, roghnaigh siad an bia a raibh neoinicitíonóideach ann
Léiríodh freisin leis an obair staidéir seo a rinneadh i saotharlann gur mó den bhia ina raibh lotnaidicídí a itheann an bhumbóg ná mar a itheann an bheach meala agus gur mó a bhí siad faoi lé dáileoga troma tocsaíne dá réir.
Tá tábhacht le beacha agus le feithidí eile pailniúcháin maidir le barra níos mó a thabhairt chun cinn – meastar go bhfuil luach ar a laghad €153 bhilliún in aghaidh na bliana leo ar fud an domhain. Nuair a bhíonn barra á bpailniú acu, is féidir leo a theacht faoi lé lotnaidicídí i neachtar bláthanna agus i bpailín. Tá léirithe le bearta staidéir conspóideacha go mbíonn tionchar chun dochair ag neoinicitíonóidigh ar fhoráiste na mbeach agus ar fholláine na gcoilíneachtaí. Dá thoradh sin, tháinig imní maidir le tionchar na neoinicitíonóideach ar bheacha agus ar fheithidí phailniúcháin eile chun cinn i measc an phobail. I mí Aibreán 2013, thug an AE cosc sealadach i bhfeidhm ar lotnaiticídí neoinicitíonóidigh a úsáid ar bharra bláthanna fad a bheadh fianaise eolaíochta agus theicniúil bhreise á bailiú.
Dúirt Jane Stout, Ollamh le Luibheolaíocht agus Príomhimscrúdaitheoir i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Is é atá le tuiscint ó thorthaí na taighde go bhféadfadh, fiú agus malairt bia ar fáil do bheacha i dtimpeallachtaí talmhaíochta ina mbíonn lotnaidicídí neoinicitíonóidigh in úsáid, gurbh fhearr leis na beacha foráiste a dhéanamh ar na barra ina bhfuil neoinicitíonóidigh. Ó tharla gur féidir le neoinicitíonóidigh a theacht chun cinn freisin sna plandaí atá ag fás go fiáin cóngarach do na barra, d'fhéadfadh gur mó i gceist iad le haiste bia na mbeach ná mar a bhíothas a cheapadh go dtí seo."
Dúirt an tOllamh Geraldine Wright, an t-eolaí ceannródaíochta i mbun na taighde ag an Institute of Neuroscience i Newcastle University: “Ní fhaigheann na beacha blas neoinicitíonóideach ina gcuid bia agus, dá réir sin, ní sheachnaíonn siad lotnaiticídí den chineál sin. Cuireann sin i mbaol nimh a thógáil iad nuair a itheann siad neachtar éillithe.
“Ní is measa ná sin arís, tá fianaise ar fáil anois againn gur fearr leis na beacha bia atá éillithe le lotnaidicídí a ithe. Goilleann neoinicitíonóidigh ar na gnéithe chéanna d'inchinn na beiche a ngoilleann nicitín orthu in inchinn an duine. Is ábhar buartha gurb é an bia ina bhfuil neoinicitíonóidigh is rogha leis na beacha ó bheadh le tuiscint uaidh sin go bhféadfadh go n-oibríonn neoinicitíonóidigh, mar a dhéanann nicitín, mar dhruga trína mbeadh an bia ina bhfuil an t-ábhar sin níos mealltaí.
“Más fearr le beacha agus iad ar thóir foráiste neachtar ina bhfuil neoinicitíonóidigh a chruinniú, d'fhéadfadh toradh chun dochair a bheith i gceist leis sin don chóilíneacht ar fad agus don bheach go ginearálta.”
Bhí ciste á chur ar fáil don taighde ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann, ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus ag an National Science Foundation. Tagann an togra freisin faoi scáth Thionscnamh na bhFeithidí Pailniúcháin a bhfuil cistí á chur ar fáil lena aghaidh ag an Biotechnology and Biological Sciences Research Council (BBSRC), ag Defra, ag an Natural Environment Research Council (NERC), ag Rialtas na hAlban agus ag an Wellcome Trust faoi choimirce pháirtnéireacht Living with Environmental Change (LWEC).