Dragain Mheánaoiseacha, Fionnachtana Scanrúla agus Lámhscríbhinní a bhí caillte le fada
Posted on: 19 May 2015
I measc na n-ábhar a scrúdófar le linn siompóisiam i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áirítear Dragain Mheánaoiseacha ag sceimhliú mhuintir Bhaile Átha Cliath, fionnachtana scanrúla i gCaisleán Shoird, filleadh lámhscríbhinne tábhachtaí de chuid an 14ú haois chuig a cathair thionscnaimh tar éis 400 bliain agus is é is aidhm don siompóisiam sin ná taighde ceannródaíochta staire agus seandálaíochta faoi Bhaile Átha Cliath sna meánaoiseanna a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.
Beidh an 17ú Siompóisiam faoi Bhaile Átha Cliath sna Meánaoiseanna ar siúl Dé Sathairn, an 16 Bealtaine 2015 agus is é a bheidh ann ná sraith ocht léacht a bheidh saor in aisce agus oscailte don phobal agus a dhíreoidh ar sheandálaíocht, ar stair agus ar litríocht Bhaile Átha Cliath ó aimsir na Lochlannach go haimsir na dTúdarach.
Is é is aidhm don chomhdháil ná tuiscint agus taitneamh níos leithne a chur chun cinn i measc an phobail i leith oidhreacht mheánaoiseach ár bpríomhchathrach, ar oidhreacht í a ndéantar neamhshuim di go minic, agus is mar a leanas a rinne eagraí na hócáide, an tOllamh le Stair Mheánaoiseach na hÉireann, Seán Duffy, cur síos uirthi: "Tá an Siompóisiam faoi Bhaile Átha Cliath sna Meánaoiseanna dírithe ar mhuintir Bhaile Átha Cliath. Sraith léachtaí atá ann ina bhféachfar le scoláireacht cheannródaíochta staire agus seandálaíochta a chur ar fáil do gach duine a bhfuil spéis acu i dtaighde, i múineadh agus i bhfoghlaim maidir le stair Bhaile Átha Cliath sna Meánaoiseanna."
Beidh filleadh lámhscríbhinne de chuid thús an 14ú haois, a ullmhaíodh i Mainistir Mhuire, Baile Átha Cliath, ar a cathair thionscnaimh le déanaí, tar éis tréimhse 400 bliain, mar ábhar don phríomhléacht le linn na comhdhála. Beidh an Dr Bernard Meehan, Coimeádaí na Lámhscríbhinní i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, ag trácht ar an tslí ina bhfuair an lámhscríbhinn seo le déanaí, ar lámhscríbhinn í a tiomsaíodh ar phár i mainistir de chuid Bhaile Átha Cliath, is é sin, Mainistir Mhuire, a bhfuil Sráid Mhuire agus Sráid na Mainistreach ainmnithe aisti.
Le fada an lá, ní raibh teacht ag an bpobal ar an lámhscríbhinn seo a bhfuil tábhacht léi ó thaobh na litríochta agus na staire de, agus ní dhearnadh aon anailís acadúil uirthi riamh roimhe seo. I measc na nithe atá ann sa lámhscríbhinn luachmhar seo, áirítear cóipeanna de na chéad leabhair a scríobhadh riamh faoi Éirinn, is é sin le rá, scríbhinní Giraldus Cambrensis. Tá méid mór faisnéise nua ann sa lámhscríbhinn atá 700 bliain d’aois agus beidh an fhaisnéis sin fóinteach maidir le hathmheasúnú a dhéanamh ar stair agus ar chultúr Mhainistir Mhuire agus ar shaol cathartha Bhaile Átha Cliath sa 14ú haois agus sa 15ú haois.
Is é léacht shuaitheanta an Dr Meehan an chéad cheann d’ocht léacht a bheidh ann ar lá na hócáide. I measc na mbuaicléachtaí eile a bheidh ann, áirítear léacht ón Ollamh Gabriel Cooney, Ollamh le Seandálaíocht Cheilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tabharfaidh seisean tuairisc ar a imscrúdú leanúnach faoi sheandálaíocht Reachrann. De réir na bhfoinsí staire, bhunaigh N Colmcille mainistir ansin sa 6ú haois agus déanfaidh an tOllamh Cooney scrúdú i dtaobh na rianta de mhainistir Cholmcille atá imithe as radharc le fada ach a d’fhéadfadh a bheith ann fós ar an oileán.
Le linn an tsiompóisiam, atá á eagrú ag Roinn na Staire, Coláiste na Tríonóide, agus ag Friends of Medieval Dublin, cloisfear nuacht faoi thochailtí seandálaíochta atá déanta le déanaí sa chathair, lena n-áirítear tochailt i mBaile Dhúill a léiríonn fianaise ar ghníomhaíocht dhaonna ó Aimsir na Lochlannach ar aghaidh (agus Paul Duffy i gceannas uirthi) agus tochailt eile ar lena linn a rinneadh fionnachtain scanrúil, is é sin, coirp mheánaoiseacha a aimsíodh faoi theach geata Chaisleán Shoird (agus Mark Moraghan i gceannas uirthi).
Ceann de na seanscéalta meánaoiseacha is fadmharthanaí dá bhfuil ann is ea scéal Tristem agus Isolde, ach ní heol go forleathan go mbaineann gné thábhachtach den scéal le Baile Átha Cliath agus le hÉirinn. Trí dhíriú ar an leagan Meán-Bhéarla is túisce den scéal, is é sin, “Sir Tristem”, déanfaidh an Dr Caoimhe Whelan, a fuair PhD le déanaí i Roinn na Staire, Coláiste na Tríonóide, scrúdú ar idirghníomhaíocht Tristem leis na hÉireannaigh ina nochtar Éire mar áit ina bhfuil fathaigh, dragain agus draíocht ann go fairsing.
Ina léacht dar teideal "Giants, dragons and magic: Sir Tristem’s adventures in medieval Dublin”, tabharfaidh sí míniú ar an tslí ina soláthraíonn an téacs seo leagan bríomhar an-spéisiúil den scéal meánaoiseach móréilimh agus léiriú uathúil de chuid an cheathrú haois déag ar ‘Delvelin … An haven in Irland’, gan trácht ar thuairisc shuntasach ar dhragan agus é ag sceimhliú mhuintir Bhaile Átha Cliath.