De réir an Chéad Suirbhé Náisiúnta, níl Sainaonaid Chúraim Néaltraithe le fáil ach amháin in 11% de Thithe Altranais
Posted on: 02 February 2015
Rinne an tOllamh Taca le Seaneolaíocht Mhíochaine i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Davis Coakley, an chéad suirbhé náisiúnta a sheoladh le déanaí i Mol Sheomra Fada Choláiste na Tríonóide the Trinity Long Room Hub chun léarscáiliú a dhéanamh ar na treochtaí déimeagrafacha i ndáil le cúram speisialtóireachta fadtéarma a sholáthar do dhaoine ar a bhfuil néaltrú in Éirinn. Mar thoradh ar an staidéar, a rinne taighdeoirí Choláiste na Tríonóide as the School of Social Work and Social Policy at Trinity College Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta i gColáiste na Tríonóide agus an tIonad Faisnéise agus Forbartha maidir le Seirbhísí don Néaltrú (DSIDC), fuarthas amach go bhfuil líon íseal sainaonad cúraim (ACS-anna) don néaltrú ann ar fud Phoblacht na hÉireann. De réir an tsuirbhé freisin, tá forbairt tagtha ar ACS-anna ar mhodh treallach, ilroinnte gan aon chomhordú. Shainaithin na taighdeoirí bearnaí móra i ndáil le soláthar seirbhísí, go háirithe i gCúige Laighean, agus sainaithníodh líon iomarcach othar in aonaid tithíochta aonair.
Léiríonn an tuarascáil, dar teideal An Irish National Survey of Dementia in Long-Term Residential Care go soláthraíonn an earnáil phríobháideach an chuid is mó den chúram ardspleáchais, ach go bhfaigheann an earnáil sin an méid is lú maoiniúcháin. Rinne foireann taighde an tuarascáil a ullmhú faoi cheannas an Ollaimh Chomhlaigh Taighde Cahill (Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta, Coláiste na Tríonóide, agus Stiúrthóir an Ionaid Faisnéise agus Forbartha maidir le Seirbhísí don Néaltrú) agus, i measc bhaill na foirne taighde, áiríodh an Dr Caroline O’Nolan (Scoil na hEolaíochta Sóisialta Feidhmí, UCD, agus duine d’fhoireann Scoile na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta, Coláiste na Tríonóide, roimhe sin) Dearbhla O’Caheny (an tIonad Faisnéise agus Forbartha maidir le Seirbhísí don Néaltrú) agus an Dr Andrea Bobersky (iar-mhac léinn PhD i Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Sóisialta, Coláiste na Tríonóide). De réir na dtaighdeoirí, tugann an tuarascáil suntas don ghá atá le múnla nua maoiniúcháin chun tuilleadh dreasachtaí a chur ar fáil don earnáil phríobháideach.
Le linn tagairt a dhéanamh do na conclúidí maidir le staid na hÉireann i gcomparáid leis an gcleachtas idirnáisiúnta, dúirt an príomh-údar, an tOllamh Cahill, an méid seo a leanas:
Ábhar imní is ea nach bhfuil sainaonaid don néaltrú ann ach amháin in 11% de na saoráidí ar fad in Éirinn a ndearnadh suirbhé orthu agus, d’ainneoin go bhfuiltear ag súil le méadú ar an éileamh ar chúram fadtéarma don néaltrú mar gheall ar aosú an daonra, nach mbeartaíonn ach mionlach beag de na tithe altranais in Éirinn aonaid a oscailt chun déileáil leis an néaltrú.
Díríonn Aonaid Chúraim Speisialtóireachta (ACS-anna) ar riachtanais shonracha daoine ar a bhfuil néaltrú agus ar riachtanais a dteaghlach/gcúramóirí sláinte. Faoi láthair, tá 48,000 duine ann a bhfuil néaltrú orthu agus tá 50,000 cúramóir ann in Éirinn. Ach d'ainneoin méadú suntasach ar an líon daoine ar a bhfuil néaltrú in Éirinn, tá easpa faisnéise cuimsithí ann faoi láthair don phobal liachta agus do theaghlaigh maidir leis an staid náisiúnta i ndáil le cúram don néaltrú. Ba é ab aidhm don taighde seo, a rinneadh ag deireadh na bliana 2013, ná aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus na treochtaí déimeagrafacha agus bonneagair san earnáil seo a shainaithint. Bhí 602 theach altranais in Éirinn san áireamh i suirbhé na dtaighdeoirí (bhí ráta ard freagartha ann, is é sin 78%). Fuair siad amach nach raibh ach 54 teach altranais (11% de na tithe altranais ar fad a bhí san áireamh sa suirbhé) ag soláthar cúram sonrach, leithscartha in aonaid bheagscála tís. 33% atá san fhigiúr comhfhreagrach i dtíortha eile amhail an Ísiltír agus an Iorua ina bhfuil spriocanna leagtha síos ag na rialtais faoi seach chun méadú a dhéanamh ar an gcineál seo cúraim fadtéarma. Sainaithníodh sa suirbhé freisin go raibh formhór an chúraim speisialtóireachta (63%) á sholáthar ag an earnáil phríobháideach. Rud suntasach is ea gur thug údair na tuarascála dá n-aire gur lú go mór an méid maoiniúcháin a fhaigheann an earnáil phríobháideach ón gCiste um Ceannach Cóireála i gcomhair cúraim do dhaoine scothaosta.
Le linn tagairt a dhéanamh don tuarascáil, dúirt Tadhg Daly (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Nursing Homes Ireland) an méid seo a leanas:
Tá an tuarascáil seo an-tráthúil agus is ionann í agus ‘oscailt súl’ eile don Rialtas agus do gheallsealbhóirí sa réimse beartais. Cuirimid fáilte mhór roimh chinntí an taighde ar dá réir a deirtear nach mór riachtanais ardspleáchais daoine ar a bhfuil néaltrú a chur san áireamh go réalaíoch trí acmhainní níos fearr a leithroinnt ina leith. Tá an moladh maidir le múnla íocaíochta a oireann do na leibhéil cúraim, d’oiliúint foirne agus don mheascán scileanna agus maidir le cineál idirghabhálacha neamhchógaisíochta i gcomhréir le moladh Choiste Sláinte an Oireachtais, is é sin le rá, íocaíochtaí atá bunaithe ar fhianaise a bheith ann do thithe altranais ar íocaíochtaí iad ina gcuirtear fíorchostas an chúraim san áireamh. Tugann an tuarascáil seo suntas do thoilteanas ár n-earnála déileáil leis an dúshlán suntasach a ghabhann le freastal ar riachtanais chúraim fadtéarma daoine a bhfuil néaltrú orthu, ach tá géarghá le beartas cuí agus pleanáil chuí.
An Gá le Rogha i ndáil le Soláthar Cúraim Fadtéarma
De réir na n-údar, cuireann an staidéar raon léargas tábhachtach ar fáil don lucht déanta beartais, do phleanálaithe, d’fhorbróirí seirbhíse agus don phobal, agus is ionann na cinntí bunlíne atá ann mar thoradh ar an suirbhé agus an chéad chéim d'iarracht chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an chúraim, ar chothroime rochtana agus ar chur i bhfeidhm an dea-chleachtais.
Sa Straitéis Náisiúnta nua maidir leis an Néaltrú (Nollaig 2014), moltar gur ceart rogha a thabhairt do dhaoine scothaosta ar a bhfuil néaltrú. Dúirt an tOllamh Comhlach Cahill an méid seo a leanas: “Is ceart raon roghanna a bheith ann maidir le cúram fadtéarma agus iad ceaptha chun prionsabail an dea-chleachtais ailtireachta a chomhlíonadh agus foireann ann atá inniúil agus oilte. Mura dtagann athrú suntasach ar na múnlaí maoiniúcháin chun dreasachtaí a thabhairt do sholáthróirí príobháideacha, ní bheidh aon rogha den sórt sin ar fáil dóibh siúd a bhfuil múnlaí cúraim de chineál níos duinelárnaí agus níos síceasóisialta á lorg acu.”
Soláthraíonn an suirbhé seo bunlíne thábhachtach le haghaidh tuilleadh taighde in Éirinn ar aonaid chúraim speisialtóireachta (ACS-anna) do dhaoine ar a bhfuil néaltrú. Tugann sé suntas do shamplaí de chleachtais dhuinelárnaigh de chineál nuálach, cruthaitheach, chomh maith le samplaí de chásanna ina n-imítear ón dea-chleachtas. Ardaíonn an suirbhé ábhar imní faoin bpátrún atá ann faoi láthair i ndáil le ACS-anna a sholáthar agus tugtar le fios go bhfuil gá le cur chuige níos struchtúrtha agus níos pleanáilte i leith seirbhísí a sholáthar, arsa an Dr Caroline O’Nolan.
Treoir don Ghnáthdhuine
Ina theannta sin, chumasaigh na freagraí a fuarthas ar an suirbhé do na taighdeoirí forbairt a dhéanamh ar lámhleabhar acmhainní do chúramóirí teaghlaigh ar mian leo gaoil dá gcuid ar a bhfuil néaltrú a shuíomh in aonad cúraim speisialtóireachta. Is é atá san fhoilseachán sin, dar teideal ‘Specialist Care Units for People with Dementia in Ireland’, ná treoir soléite do chúramóirí teaghlaigh agus do ghairmithe seirbhíse sláinte. Tá liosta mionsonraí teagmhála ann sa treoir, ar mionsonraí iad a bhaineann le 54 Aonad Chúraim Speisialtóireachta féin-sainaitheanta agus is féidir í a íoslódáil saor in aisce ó láithreán gréasáin DSIDC anseo.