Buaiteoirí Chomórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais Fógartha ag Coláiste na Tríonóide
Posted on: 20 March 2019
Don dara bliain as a chéile, tá na céadta saothar scríbhneoireacht chruthaitheach agus ealaín chruthaitheach faighte ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath do Chomórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais. Bhí ionadh an domhain ar na moltóirí maidir leis an tallann iontach a léiríodh sna breis is 1,600 iontráil a fuarthas ó ealaíontóirí agus scríbhneoirí de gach aois atá ag teacht faoi bhláth – leis an duine is sine a bhuaigh duais 82 bhliain d’aois. Fuarthas iontrálacha ó ar fud na hÉireann, ó na Stáit Aontaithe, ón Ríocht Aontaithe, ó ar fud na hEorpa agus ón Astráil fiú amháin!
Tráthúil go leor i mbliana, bhuaigh beirt de na hiontrálaithe, Noah Farrell as Co. an Chláir agus Niamh Ní Iceadha as Baile Átha Cliath, a bhí ina mbuaiteoirí i gcomórtas na bliana anuraidh chomh maith, duaiseanna fiúntais as a n-iontrálacha i gcomórtas na bliana seo. D’éirigh le Niamh fiúntas a fháil i gcomórtas na ndaoine fásta sa scríbhneoireacht agus san ealaín araon. Fógraíodh an seisear buaiteoirí fhoriomlána ag searmanas speisialta gradam i Halla Bia mór le rá Choláiste na Tríonóide, i measc a gcuid teaghlach, cairde agus múinteoirí.
Is iad seo a leanas a fuair an chéad áit sa chomórtas ealaíne:
Anna Dunlea, Scoil Náisiúnta an Fhosaidh, Ciarraí i roinn na mbunscoileanna.
Adam O’Sullivan, Coláiste Íde agus Iosef, Luimneach, i roinn na meánscoileanna.
Jolanta Kavalec, as Baile Átha Cliath i roinn na ndaoine fásta.
Is iad seo a leanas a fuair an chéad áit sa chomórtas scríbhneoireachta:
Juno O’Flanagan, Sarah Webbs Story Crew, Baile Átha Cliath i roinn na mbunscoileanna;
Poppy Crossland, Rugby High School, an Ríocht Aontaithe, i roinn na meánscoileanna;
Estelle Price as Cheshire, an Ríocht Aontaithe, i roinn na ndaoine fásta;
Bhuaigh Conor Savage agus Cathal Sean Kelly as Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Ioseph i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath an dara háit agus duais fiúntais faoi seach sa chomórtas agus rinne a múinteoir Anthony O’Flynn cur síos ar an aistear cruthaitheach a bhí aige féin agus ag na daltaí le linn dóibh a bheith páirteach sa chomórtas: “Tá Comórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais ar an bhfiontar oideachais is mó fiúntais ar thugamar faoi riamh. Tá leagan amach thar barr ar an gcomórtas agus tá sé thar a bheith eagraithe. Tugann sé spreagadh do na leanaí ar fad agus cuireann sprioc dhearfach ar fáil don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht chruthaitheach. Is fiú go mór cur isteach ar an gcomórtas seo!”
Ní nach ionadh, bhí sé deacair do na moltóirí na buaiteoirí foriomlána a roghnú de bharr chumas na daoine a chuir isteach ar an gcomórtas.
Rinne an láithreoir nuachta agus teilifíse Sharon Ní Bheoláin, ambasadóir an chomórtais, comhghairdeas leis na buaiteoirí ar an éacht mhór a bhí bainte amach acu agus dúirt:
“Bhí ríméad an domhain orm a bheith i m’ambasadóir do Chomórtas Cruthaitheachta Leabhar Cheanannais na bliana seo. Bhí mé an-tógtha le caighdeán na n-iontrálacha. Chuir daoine as gach cúlra a gcroí agus a n-anam ina gcuid saothar chun ceann de na lámhscríbhinní is mó a dhéantar a cheiliúradh a léiriú agus a shamhlú. Rinne na daoine ar éirigh leo an babhta ceannais a bhaint amach ainmhithe, éin agus radharcanna soiscéil a athshamhlú agus preabann na dathanna agus an ealaíontacht amach as an leathanach.
Is seoid náisiúnta é Leabhar Cheanannais agus is deas go bhfuil an oiread sin bróid ag muintir na hÉireann as an draíocht bhuan a bhaineann leis.”
Is éard a dúirt an tOllamh Darryl Jones, Déan ar Dhámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na Tríonóide a rinne moltóireacht ar an gcomórtas scríbhneoireachta:
“Ba iontach go deo dom a bheith páirteach sa chomórtas seo, chun a mhéid is atá Leabhar Cheanannais ina ábhar inspioráide i gcónaí ag daoine de gach aois, fiú amháin sa lá atá inniu ann, a fheiceáil. Bhí an tallann a léirigh gach duine a chuir isteach ar an gcomórtas dochreidte agus ní raibh sé éasca moltóireacht a dhéanamh ar na saothair. Táimid thar a bheith sásta áfach leis na píosaí filíochta agus leis na gearrscéalta atá roghnaithe mar bhuaiteoirí againn, mar gur éirigh leis na daoine a chum na píosaí sin a léiriú féin ar na hainmhithe atá i Leabhar Cheanannais a chur in iúl i ndáiríre, agus a stíl agus a bhfís féin a chuir i ngach píosa. “
Tá comórtas na bliana 2019 oscailte anois agus is é an téama a bheidh ann ná ‘Cultúr na hÉireann agus Leabhar Cheanannais’. An 30 Samhain 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais agus beidh tuilleadh eolais ar fáil sna seachtainí atá romhainn ar an suíomh gréasáin https://www.tcd.ie/visitors/competition/
Buaiteoirí na gComórtas Scríbhneoireachta
Bunscoileanna
An 1ú Duais Juno O’Flanagan Story Crew Writing Club Co. Bhaile Átha Cliath
An 2ú Duais Conor Savage Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Ioseph, Tír an Iúir, Baile Átha Cliath 6 Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Cathal Seán Kelly Scoil Náisiúnta Buachaillí Naomh Ioseph, Tír an Iúir, Baile Átha Cliath 6 Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Grace Colville Story Crew Writing Club Co. Bhaile Átha Cliath
Meánscoileanna
An 1ú Duais Poppy Crossland Rugby High School Rugby, An Ríocht Aontaithe
An 2ú Duais Rachel Thornton Coláiste Dhroichead Nua Co. Chill Dara
Fiúntas Vanessa Wanqiao Zhang Coláiste Naomh Aindriú Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Ruby Murphy Rugby High School Rugby, An Ríocht Aontaithe
Fiúntas Laoise Hamill Pobalscoil Ghuaire Co. Loch Garman
Fiúntas Evan Skelly Coláiste Woodbrook Co. Chill Mhantáin
Daoine Fásta
An 1ú Duais Estelle Price Cheshire, An Ríocht Aontaithe
An 2ú Duais Phoebe Brown Co. Dhún na nGall
Fiúntas Elizabeth Oxley Colorado, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Fiúntas Malachai Maguire Co. Chill Dara
Fiúntas Niamh Ní Iceadha Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Gabrielle Ulubay Co. Chorcaí
Buaiteoirí na gComórtas Ealaíne
Bunscoileanna
An 1ú Duais Anna Dunlea Scoil Náisiúnta an Fhosaidh Co. Chiarraí
An 2ú Duais Violet McGrath Scoil Náisiúnta Cailíní Naomh Colmcille Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Isobel Webb Scoil Náisiúnta Ráth Tó Co. Cheatharlach
Fiúntas Ruby Gallagher Scoil Náisiúnta Naomh Micheál Co. an Chabháin
Fiúntas Philippa McIntosh Gaelscoil Chionn tSáile Co. Chorcaí
Fiúntas Noah Farrell Scoil Náisiúnta New Quay Co. an Chláir
Meánscoileanna
An 1ú Duais Adam O’Sullivan Coláiste Íde agus Iosef Luimneach
An 2ú Duais Aoife Murphy Meánscoil Laurel Hill Luimneach
Fiúntas Danny Zhou Coláiste Naomh Uinseann Chaisleán Cnuacha Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Brenda Lim Coláiste Nano Nagle Co. Luimnigh
Fiúntas Ionut George Adadi Meánscoil Naomh Uinseann Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Oisin Mc Hugh Coláiste Chomáin Co. Mhaigh Eo
Daoine Fásta
An 1ú Duais Jolanta Kawalec Opole, An Pholainn
An 2ú Duais Elisa Markhoff Pennsylvania, Stáit Aontaithe Mheiriceá
Fiúntas Niamh Ní Iceadha Co. Bhaile Átha Cliath
Fiúntas Kevin King Co. Chill Chainnigh
Fiúntas Doreen Mulroy Co. Mhaigh Eo
Fiúntas Belinda Deutinger Co. na Gaillimhe