Acmhainní códaithe Gaeilge le cur ar fáil ag foireann Pytch i gcomhpháirtíocht le Kinia

Posted on: 04 March 2026

Tá taighdeoirí ó Choláiste na Tríonóide, i gcomhpháirtíocht le Kinia, tar éis sraith nua d’acmhainní códaithe Gaeilge a chur le chéile atá deartha chun tacú le scoláirí meánscoile atá ag tosú ag códú le Pytch.

Mar chuid den obair, atá mar chuid den tionscadal Pytch atá maoinithe ag Taighde Éireann faoin gClár Discover, cuirfear pleananna ceachta Pytch ar fáil i nGaeilge den chéad uair. 

Is timpeallacht ríomhchlárúcháin chruthaitheach rochtana oscailte, saor in aisce é Pytch a forbraíodh i gColáiste na Tríonóide chun cabhrú le scoláirí bogadh ó chódú blocbhunaithe go dtí an ríomhchlárú bunaithe ar théacs ag baint úsáid as an teanga Python. Trí chluichí agus thionscadail idirghníomhacha a chruthú, foghlaimíonn an scoláire croí-choincheapa an chódaithe ar bhealach tarraingteach atá deartha chun níos mó daoine a mhealladh go dtí an ríomheolaíocht.

Tá foireann Pytch, ó Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta agus na Staitisticí i gColáiste na Tríonóide, ag obair le Kinia le hullmhú chun go mbeidh Pytch san áireamh ar ardán foghlama Kinia. Eagraíocht oideachais neamhbhrabúis is ea Kinia atá dírithe ar an bhfoghlaim chuimsitheach, ar chomhionannas agus ar dheiseanna, agus a bhfuil an-tionchar aige go náisiúnta agus é ag tacú le breis agus 400,000 páiste agus duine óg i scoileanna agus in ionaid do dhaoine óga.

Augustina Vornehm, Visiting Research Assistant, with a young Pytch coder

Tríd an gcomhoibriú seo, cuirfear pleananna ceachta Pytch ar fáil do níos mó oideachasóirí ar fud na tíre trí ardán Kinia, agus beidh acmhainní ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon. Fágann sé seo go mbeidh teacht ar an gcódú cruthaitheach ag raon leathan scoileanna agus foghlaimeoirí, chomh maith le tacaíocht a thabhairt don teagasc agus don fhoghlaim dhátheangach sa ríomhaireacht.

Baintear úsáid as Pytch go náisiúnta i suíomhanna oideachais foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus na foghlaimeoirí ag cruthú a gcuid cluichí féin chomh maith le tionscadail eile. Cláraíodh os cionn 20,000 seisiún ar an ardán le linn 2025. Chomh maith leis an úsáid ar líne, chuir foireann Pytch 27 ceardlann ar fáil, agus iad ag plé le 363 mac léinn, múinteoir agus meantóir, agus thacaigh siad le líonra d’oideachasóirí atá ag fás trí chláir oiliúna na n-oiliúnóirí agus pobal cleachtais atá ag forbairt.

Oibríonn an tionscadal le raon leathan scoileanna, eagraíochtaí óige agus comhpháirtithe tríú leibhéal, ag díriú go háirithe ar phobail nach bhfuil mórán freastail déanta orthu nó atá faoi ghannionadaíocht.

Rachaidh pleananna ceachta Gaeilge Pytch chun tairbhe do na mílte foghlaimeoir. Sa bhliain acadúil 2024/25, bhí os cionn 57,000 dalta cláraithe sa chóras bunoideachais agus iar-bhunoideachais lán-Ghaeilge i mbreis agus 350 scoil ar fud na tíre.

“Táimid ar bís a bheith ag cur leis an obair rathúil atá ar bun againn ag cabhrú le foghlaimeoirí óga a fháil amach gur féidir le códú a bheith spraíúil, cruthaitheach agus fiúntach,” a dúirt an tOllamh Glenn Strong, Ceannaire Tionscadail Pytch.

“Agus leaganacha Gaeilge dár n-acmhainní ranga seolta againn, tá rochtain á leathnú againn ar ábhair ríomhchlárúcháin atá oiriúnach do thosaitheoirí agus ag tacú le níos mó daltaí dul i ngleic leis an ríomhaireacht ar bhealach a oibríonn dóibh.”

“Cuireann an chomhpháirtíocht le Kinia deireadh leis an bpríomhbhac a bhí ar scoileanna ar theastaigh uathu códú a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Tá sé ag freagairt freisin don éileamh ar acmhainní digiteacha agus STEM a thacaíonn leis an oideachas lán-Ghaeilge i suíomhanna cuimsitheacha agus ilchultúir agus tá an t-éileamh seo ag dul i méid.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ruth Freeman, Stiúrthóir Taighde don tSochaí le Taighde Éireann:

“Toisc go bhfuil na hacmhainní agus na ceachtanna saor in aisce agus tarraingteach, tá Pytch ag cabhrú saol an chódaithe a oscailt do raon níos leithne foghlaimeoirí. Tugann Pytch deis do scoláirí a gcuid spéiseanna pearsanta agus a gcruthaitheacht a chur isteach sa phróiseas foghlama agus scileanna a bheidh ag teastáil uathu ar feadh an tsaoil a fhorbairt. Mar gheall go bhfuil na pleananna ceachta ar fáil i nGaeilge, beidh teacht níos fearr ar an ábhar ag cainteoirí dúchais Gaeilge, agus cabhróidh sé leo siúd nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu an t-eolas atá acu ar an teanga a fheabhsú tríd an gcódú. Tá ríméad orainn a bheith ag tacú leis an gclár seo trí Chlár Discover Thaighde Éireann.”

Tacaíonn Pytch leis an bhforbairt ar scileanna inaistrithe, scileanna atá ag éirí níos tábhachtaí i gcúrsaí oideachais agus fostaíochta, agus ina measc seo áirítear réiteach fadhbanna, cruthaitheacht, litearthacht dhigiteach agus comhoibriú. Dar leis na múinteoirí agus na meantóirí, cuidíonn an t-ardán leis na daltaí muinín, fiosracht agus buanseasmhacht a chothú fad is atá siad ag déanamh dul chun cinn ar a luas féin.

Dúirt Marianne Checkley, POF Kinia:

“Táimid bródúil agus lúcháireach a bheith i gcomhpháirtíocht le foireann Pytch i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar thionscadal a chuireann an códú cruthaitheach os comhair níos mó foghlaimeoirí. Rud lárnach i misean Kinia is ea tacú leis an bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge agus ag an am céanna scileanna digiteacha agus STEM a thabhairt do dhaoine óga. Trí acmhainní ar ard-chaighdeán a chur ar fáil don chódú i nGaeilge agus i mBéarla atá oiriúnach do thosaitheoirí, do dhaltaí agus do mhúinteoirí, cabhróidh an comhoibriú seo le foghlaimeoirí scileanna cruthaitheachta, réitigh fadhbanna agus smaointeoireacht ríomhaireachta a fhorbairt, agus ag an am céanna cuidíonn sé leis an oideachas lán-Ghaeilge agus leis an rannpháirtíocht san eolaíocht ríomhaireachta a leathnú ar fud na tíre.”

Media Contact:

Thomas Deane | Media Relations | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685