Toghchánaíocht
Posted on: 10 January 2025
Roimh an toghchán Seanaid atá le teacht, beidh toghchánaíocht ar siúl i Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide ó 5pm ar an 14 Eanáir.
Tugtar cuireadh do chéimithe Choláiste na Tríonóide atá cláraithe le vóta a chaitheamh i dtoghlach Ollscoil Átha Cliath bualadh leis an sé iarrthóir déag atá ag seasamh sa toghchán do thrí shuíochán Seanaid.
Tá liosta de na hiarrthóirí agus dá gcuid beathaisnéisí ar fáil ar an leathanach seo.
Glacfaidh iarrthóirí páirt in dhá dhíospóireacht ina mbeidh ochtar rannpháirteach i ngach ceann agus beidh siad á stiúradh ag an gcraoltóir Áine Kerr, ag tosú ó 6pm. Le linn na ndíospóireachtaí, pléifidh iarrthóirí cuid de na saincheisteanna is práinní in Éirinn sa lá atá inniu ann agus freagróidh siad ceisteanna ón lucht féachana. Beidh am ag vótálaithe bualadh leis na hiarrthóirí agus féadfar a bheith i láthair go pearsanta nó ar líne. Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear conas clárú, ar fáil ar Eventbrite.
Is í seo an uair dheireanach a thoghfaidh céimithe Choláiste na Tríonóide seanadóirí go toghlach Ollscoil Átha Cliath. Ón mbliain 2026 ar aghaidh, toghfaidh saoránaigh Éireannacha a bhfuil céim acu ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ó choláistí Ollscoil na hÉireann, nó ó chúig cinn déag d’institiúidí ardoideachais seisear seanadóirí sa toghlach nua Ardoideachais.
Ba sheanadóirí de chuid Choláiste na Tríonóide iad Máire Mhic Róibín agus David Norris roimhe seo.
Dúnfar an vótáil do thoghchán 2025 an tSeanaid ag 11am Dé Céadaoin an 29 Eanáir. Ní mór vótaí a sheoladh tríd an bpost chuig:
An Ceann Comhairimh,
Coláiste na Tríonóide,
Ollscoil Átha Cliath,
Baile Átha Cliath,
Éire,
D02 PN40.