Ó na léarscáileanna is luaithe go dtí léarscáileanna turasóireachta na hÉireann i dtús an 20ú céad
Posted on: 03 November 2025
Tá léarscáileanna ón 16ú céad de réimsí farraige na hÉireann, suirbhéireacht talún ó ré Chromail agus léarscáileanna turasóirí ón 19ú céad le feiceáil i dtaispeántas nua sa tSean-Leabharlann i gColáiste na Tríonóide.
Faoin teideal ‘Oileán na hÉireann ar na Léarscáileanna, déantar ceiliúradh leis an taispeántas agus leis an taispeántas ar líne a ghabhann leis ar an mbailiúchán leitheadach d’ábhar cartagrafach atá ar coimeád ag Leabharlann Choláiste na Tríonóide i Leabharlann Léarscáileanna Glucksman, le béim faoi leith ar léarscáileanna ón 16ú céad go dtí lár an 20ú céad.

“Is iontach an deis seo breathnú ar roinnt de na léarscáileanna breátha spéisiúla atá ar coimeád i Leabharlann Léarscáileanna Glucksman, leabharlann atá dírithe ar chúram do níos mó ná leathmhilliún léarscáil agus dá gceadú. Baineann isteach is amach le 150,000 de léarscáileanna Choláiste na Tríonóide le hÉirinn, rud a fhágann gur ann atá an bailiúchán is mó in Éirinn de léarscáileanna priontáilte,” a deir Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste.
Ar ábhar an taispeántais, beidh léarscáileanna d’Éirinn ón 16ú céad a réitigh lucht loingseoireachta a bhíodh ag dul ar fud réimsí éagsúla an Atlantaigh ag an am, léarscáileanna a bhaineann le suirbhéireacht mhion ar thailte na hÉireann a bhaineann le gabháil Chromail, chomh maith le cairteanna mara, atlais, macasamhla rilífe, léargas ón aer anuas, cruinneoga agus léarscáileanna turasóireachta.
Ar chuid de bhuaicphointí na dtaispeántas, tá na nithe seo a leanas:
- An léarscáil is sine d’Éirinn i Leabharlann Glucksman, saothar greanadóireachta d’Éirinn agus den Bhreatain Mhór ón mbliain 1561.
 - Léarscáil ón mbliain 1689 ar a leagtar amach go mion na paróistí, na barúntachtaí agus na contaetha de réir mar a bhain leis an Down Survey nuair a rinneadh mapáil ar an talamh ar fad a bhí le gabháil agus le dáileadh in athuair tar éis ghabháil Chromail.
 - Léarscáil daite de Chúige Laighean ón mbliain 1611 lena mbaineann léarscáil intlise ina bhfeictear an plean is sine dá maireann de Bhaile Átha Cliath.
 - Léarscáil geolaíochta ar shé cinn de bhileoga leathana ón mbliain 1839 a bhain ar dtús leis an bpleanáil ar chóras iarnróid in Éirinn.
 - Léarscáil infhillte de Shuirbhéireacht Ordanáis Bhaile Átha Cliath a rachadh i bpóca duine agus a cuireadh ar fáil i rith na mblianta 1902-1906 d’fhonn freastal ar mhargadh nua turasóireachta agus caitheamh aimsire.
 - Atlas na hÉireann i nGaeilge a réitíodh d’úsáid scoile sa bhliain 1948 ina bhfuil na logainmneacha sa chló Gaelach.
 
Míníonn Paul Ferguson, Leabharlannaí Léarscáileanna agus coimeádaí an taispeántais: “Lucht loingseoireachta agus trádála a d’ullmhaigh na léarscáileanna priontáilte is sine d’Éirinn tráth a mbídís ag tráchtáil an Atlantaigh agus, mar a d’fheictí dóibh féin, ar imeall an domhain. Bhí léarscáileanna ina dhiaidh sin arna leagan amach ag lucht suirbhéireachta mar chuid de ghabháil na talún ó úinéirí na hÉireann agus a haistriú go dream pleanála as Sasana agus as Albain. Díreach roimh aimsir an Ghorta Mhóir a críochnaíodh an tSuirbhéireacht Ordanáis ar dtús, obair mapála a thugann léargas an-mhion ar ghnéithe den tír”. 
Is leabharlann taisce faoi dhlí na hÉireann í Leabharlann Glucksman agus cuirtear tuairim is 900 léarscáil nua in aghaidh na bliana faoina bráid. Is tábhachtach an acmhainn bailiúcháin na leabharlainne do mhic léinn, lucht taighde agus lucht gairme chomh maith le daoine atá i mbun oibre ar stair a gceantar nó a muintir féin.
Tá an taispeántas féin ar siúl i Seomra Fada na Sean-Leabharlainne as seo go tús mí Feabhra 2026. Is cuid é d’Eispéireas Leabhar Cheanannais. Féach anseo maidir le ticéid a chur in áirithe. Is féidir taispeántais ar líne a fheiceáil ar láithreán gréasáin na Leabharlainne.
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551