Leabhar Laighean le cur ar taispeáint i Seomra Fada tar éis mórthionscadal caomhnaithe

Posted on: 21 May 2025

Tá leathanaigh ó cheann de na lámhscríbhinní is tábhachtaí a scríobhadh i nGaeilge sna meánaoiseanna agus atá againn go fóill, Leabhar Laighean, le cur ar taispeáint inniu [Dé Céadaoin an 21 Bealtaine] mar chuid de thaispeántas nua i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tar éis mórthionscadal caomhnaithe.

Leabhar Laighean, a scríobhadh sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge sa 12ú haois, ar cheann de na foinsí is tábhachtaí dá bhfuil againn mar a bhaineann le stair na hÉireann ó ré na meánaoise.

Tá eolas ann faoin stair agus faoin nginealas, go háirithe maidir le ríthe agus laochra Laighean, cuntais mhiotaseolaíochta agus staire ar ionraí agus ar chathanna, prós agus véarsaíocht thuairisciúil, chomh maith leis an stair agus an sanasaíocht a bhaineann le nach mór 200 logainm.

Tháinig an lámhscríbhinn go dtí Coláiste na Trionóide in 1786 agus é neamhcheangailte. Mar gheall ar go raibh na 400 leathanach veilleam chomh sobhriste sin, chuaigh scaitheamh thart sula bhféadfaí é a chur ar taispeáint go poiblí ná sula bhféadfadh taighdeoirí a bheith ag plé leis.

Ach anois, de bharr é a bheith caomhnaithe go cúramach, tá an lámhscríbhinn glanta, cobhsaithe, agus aon phíosaí móra a bhí stróicthe nó caillte deisithe agus na ceathrú páipéir tiomsaithe. Bhí maoiniú flaithiúil i bhfoirm deontais faighte don obair chaomhnaithe seo ó Chiste Caomhnaithe Ealaíne Bhanc Mheiriceá.

Tá roinnt samplaí de leathanaigh as Leabhar Laighean, atá díreach tar éis a bheith caomhnaithe, anois ina bpríomh-mhír sa taispeántais nua dar teideal "Leabhar Laighean – Ag Caomhnú don Todhchaí". Tá an taispeántas á léiriú ag Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá sé á chur ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionscadal caomhnaithe a bheith tugtha chun críche.

Chomh maith leis sin beidh lámhscríbhinní tábhachtacha Gaeilge eile ó na Meánaoiseanna ar taispeáint, lena n-áirítear téacsanna a bhaineann leis an bhFéineachas agus Leabhar Buidhe Leacáin. Tá an taispeántas ina chuid d'Eispéireas Leabhar Cheanannais agus beidh sé ar siúl go dtí an 12 Lúnasa, 2025. Féach anseo chun ticéid a chur in áirithe don dá thaispeántas.

Thug an Coimeádach Sinsearach an Dr John Gillis, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhí i gceannas ar an tionscadal an t-eolas seo: "Le trí bliana anuas táimid tar éis tabhairt faoi chaomhnú cúramach ar an lámhscríbhinn seo atá thar a bheith sobhriste agus tábhachtach. Mar chuid den obair seo deisíodh, nuair ba ghá, aon phíosaí a bhí caillte le veilleam nua, go háirithe na fillteacha cúil, agus rinneadh aon chuid di a bhí éirithe lag nó stróicthe a láidriú le cineál collaigin tanaí.

"D'éirigh lenár n-iarrachtaí an lámhscríbhinn luachmhar seo a chobhsú agus anois is féidir í a láimhseáil go sábháilte, staidéar a dhéanamh uirthi agus í a chur ar taispeáint. Thaifead muid aon chomhartha go raibh fuáil déanta chomh maith le haon mharcanna eile, chun go mbeadh tuiscint níos fearr againn ar an stair a bhaineann leis an lámhscríbhinn féin."

Dúirt Caoimhe Ní Ghormáin, Coimeádaí, Lámhscríbhinní agus Cartlanna, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: "Tugann Leabhar Laighean léargas gan sárú dúinn ar na Meánaoiseanna in Éirinn. San áireamh ann tá leagan suntasach den sága cáiliúil de chuid na hÉireann Táin Bó Cúailnge agus scéal an laoich Cú Chulainn.

"Thar aon rud eile tá 'leabhar Leabhar Gheineasas' na hÉireann ann, Lebor Gabála Érenn, a chuireann tír agus muintir na hÉireann, chomh maith leis an teanga, i suíomh bíobalta domhanda. De réir na lámhscríbhinne, cruthaíodh an Ghaeilge tar éis cíor thuathail Thúir Babel, chun na laigí a bhain leis na teangacha eile ar fad a sheachaint. Bhí an scéal seo faoi bhunús na teanga ábhartha, go háirithe sna meánaoiseanna, nuair a bhí an Ghaeilge faoi bhagairt mar gheall ar an ngradam ollmhór a bhí ag an Laidin."

Dúirt an Dr Mícheál Hoyne, Ollamh Cúnta i Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide: “Ba é Edward Lhuyd, scoláire as an mBreatain Bheag, a tharrtháil Leabhar na Nuachongbhála ag deireadh an tseachtú céad déag. Murach eisean, b’fhéidir nach mbeadh tásc ná tuairisc inniu ar an lámhscríbhinn. An uair sin bhí an tóin tite as na scoileanna dúchais, na hionaid léinn a shaothraíodh an stair, an fhilíocht agus na seandlithe, agus bhí an baol ann go ligfí an tsaoithiúlacht dhúchais i ndearmad go hiomlán. Chaith an lámhscríbhinn an chuid is mó den ochtú céad déag i leabharlann duine uasail i Sasana, áit nach raibh teacht ag scoláirí Gaeilge uirthi.

“Sa deireadh thiar, bronnadh ar Choláiste na Tríonóide í sa bhliain 1786 le caomhnú do mhuintir na hÉireann. Ó shin i leith, tá cúram an leabhair ar an gColáiste, agus an dualgas orainn staidéar a dhéanamh air. Is foinse luachmhar é a thugann eolas dúinn ar theanga, litríocht agus shaíocht na Gaeilge sa Mheánaois. An obair chaomhnaithe seo a rinneadh le déanaí, is í an chaibidil is déanaí sa scéal seo í. Déanann scoláirí iniúchadh fós ar sheoda an leabhair seo, mar sin tá sé ríthábhachtach an lámhscríbhinn a chaomhnú agus a chosaint do na glúine atá le teacht.”

Is féidir taispeántas digiteach, dírithe ar lámhscríbhinní Gaeilge ó na meánaoiseanna atá coinnithe i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, i mBaile Átha Cliath, a fheiceáil anseo. 

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551