Cad is fiú an fhírinne i ré na mífhaisnéise? Sraith léachtaí d’fhonn cuidiú leis an bpobal an acmhainn fealsúnachta atá iontu a chothú
Posted on: 23 January 2025
Tá fiúntas na fírinne i ré na mífhaisnéise ar cheann de na téamaí a chíorfar i sraith bhliantúil léachtaí poiblí Roinn na Fealsúnachta i gColáiste na Tríonóide an mhí seo chugainn.
Cúrsaí eitice maidir le hiriseoireacht, fiúntas na fírinne, cogaíocht agus síocháin, an tábhacht le hiontas, oidhreacht Berkeley agus an tábhacht atá le haire don duine féin — bí in éineacht le fealsúnaithe Choláiste na Tríonóide agus cíoradh á dhéanamh acu ar thábhacht na fealsúnachta do shaol na linne seo agus léargas nua á chur chun cinn acu faoi roinnt de cheisteanna móra na linne.
Ag tosú an 6 Feabhra 2025, beidh na léachtaí ar siúl ón 7.00 - 8.30 i.n. gach ré Déardaoin go dtí an 17 Aibreán in Amharclann JM Synge, Foirgneamh na nEalaíon.
Tá costas €80 ar an tsraith sé cinn de léachtaí agus ráta lascaine €40 ar fáil do mhic léinn, pinsinéirí seanaoise, daoine atá dífhostaithe, grúpaí ina bhfuil 20+ duine, baill foirne agus céimithe Choláiste na Tríonóide. Tá breis eolais ar fáil ar láithreán gréasáin Roinn na Fealsúnachta anseo.
Deir John Divers, Ceann Roinn na Fealsúnachta agus duine d’aoichainteoirí na sraithe: “Ábhar ríméid againn an tsraith Philosophy Today a eagrú arís i mbliana. Díoladh na ticéid ar fad do shraith na bliana seo caite, rud a léiríonn an spéis mhór atá i ndearcadh na fealsúnachta ar na ceisteanna móra atá le sárú i saol an lae inniu. Táthar ag tnúth le sraith nua cainteanna sa bhliain 2025 a spreagfaidh smaointeoireacht trí théamaí agus cheisteanna nua a chíoradh ar mhaithe le plé agus comhrá a chothú faoin domhan ina mairimid.”
Clár:
- Déardaoin, an 6 Feabhra, an Dr Farbod Akhlaghi 'Relatively Civilised, Relatively European’: Journalism and Moral Misinformation: Cad iad na freagrachtaí eitice ba cheart a bheith ina dtreoir d’iriseoirí atá ag tuairisciú ar chásanna géarchéime? Tharraing géarchéim na hÚcráine sa bhliain 2022 aird ar chlaonadh áirithe sa chur síos ar dhídeanaithe sna meáin chumarsáide atá ina ábhar buartha agus ina chúis le ceisteanna a chur faoi chúrsaí eitice maidir le hobair iriseoireachta. Scrúdóidh Farbod Akhlaghi, a bhfuil a chuid oibre dírithe ar an bhfealsúnacht mhorálta go háirithe, a bhfuil de chúram ar iriseoirí maidir le scaipeadh na mífhaisnéise morálta a sheachaint.
- Déardaoin, an 20 Feabhra, an tOllamh Lilian Alweiss, ‘War and Peace’: An bhféadfadh in aon chás faoi leith gur inmhaite ó thaobh cúrsaí morálta é marú le linn cogaíochta? Cé go n-áitíonn daoine áirithe gur féidir, i gcúinsí faoi leith, a rá go bhfuil cúis mhaith le cogaíocht, mar shampla féinchosaint nó an ceart agus an cóir a chaomhnú, feictear do dhaoine eile nach dtagann de thoradh ar chogaíocht ach coimhlint níos géire agus foréigean atriallach go seasta síoraí. Fiosróidh Lilian Alweiss, saineolaí ar fhealsúnacht Kant, ceisteanna moráltachta maidir le coimhlint agus síocháin.
- Déardaoin, an 6 Márta, an tOllamh John Divers, “On Truth and Its Importance”: Tráth a bhfuil scéal agus malairt scéil ag teacht i mullach a chéile, an bhfuil fiúntas i gcónaí leis an bhfírinne? Agus má tá, cén ról atá leis an bhfírinne maidir le meon agus gníomhartha an duine a mhúnlú agus a spreagadh? Déanfaidh John Divers, Ollamh na Fealsúnachta Morálta agus saineolaí ar chineál na féidearthachta agus an riachtanais, scrúdú ar an tionchar a bhíonn ag an bhfírinne ar thuiscint an duine ar an saol agus an chúis gur cheart tábhacht a bheith leis an bhfírinne i gcónaí i saol na linne seo.
- Déardaoin, an 20 Márta, an Dr Richard Teague, “Wondering and Wonder: When Questions Matter More than Answers”: Cén fáth a bhfuil fiúntas le ceisteanna áirithe fiú nuair nach féidir linn na freagraí a thabhairt? Is minic san fhealsúnacht go gcuireann ceist gan réiteach sinn ag smaoineamh arís ar an tuiscint atá againn ar an ní nach eol dúinn. An bhféadfadh na ceisteanna féin iontas níos mó a spreagadh agus a chothú agus an é sin, i ndeireadh báire, an tairbhe a ghabhann leo? Díríonn Richard Teague ina chuid taighde ar fhiosracht agus ar an ról atá le ceistiú maidir le smaointeoireacht réasúnach.
- Déardaoin, an 3 Aibreán, an Dr Clare Moriarty, “Living With Berkeley”: George Berkeley, a mbíodh ceiliúradh á dhéanamh air i gColáiste na Tríonóide agus an leabharlann ainmnithe ina onóir, tá sé anois ina ábhar conspóide. Conas is ceart plé le hábhar dlisteanach gaoise arna chur i láthair ag daoine a bhfuil gnéithe urchóideacha ag baint lena bpearsantacht ó thaobh na staire? Pléifidh Clare Moriarty, a dhíríonn ina cuid taighde ar fhealsúnacht agus ar mhatamaitic an 18ú haois, a mbeadh le baint againn sa lá atá inniu ann as smaointeoireacht Berkeley, an tráth céanna a dtugtar aird ar an oidhreacht chasta a bhaineann leis.
- Déardaoin, an 17 Aibreán, an tOllamh Vasilis Politis, “Socrates and the Care for the Self”: Cad is ciall le haire a thabhairt duit féin i ndáiríre? San Apalóg le Platón, áitíonn Sócraitéas gur saol nach fiú a chaitheamh an saol gan bhreithniú. Tráth a bhfuil aird an duine á mealladh go seasta síoraí i saol an lae inniu, an bhfuil neamhaird ar an idéal seo? An bhfuil féinbhreithniú bunriachtanach i gcónaí chun an saol a chaitheamh go maith? Cíorfaidh Vasilis Politis, Ollamh na Fealsúnachta agus Stiúrthóir Lárionad Phlatóin, lón teagaisc Phlatóin maidir leis an bhféinchúram chomh maith lena thábhacht nó a mhalairt i ndáil leis an saol a chaitear inniu a phlé.
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551