An chéad staidéar náisiúnta ar chuimsitheacht LADTA+ sa sacar in Éirinn seolta ag Bohemian F.C. agus Coláiste na Tríonóide

Posted on: 12 May 2025

Scrúdóidh Cuimsitheacht LADTA+ i sacar na hÉireann eispéiris daoine LADTA+ i dtaca le rannpháirtíocht, oscailteacht, idirdhealú agus ciapadh, bacainní agus fachtóirí dearfacha/cosanta i suíomhanna sacair i bPoblacht na hÉireann.

 Tá an chéad staidéar náisiúnta ar chuimsitheacht LADTA+ sa sacar in Éirinn seolta ag Cumann Peile Bohemian i gcomhpháirtíocht le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

 

Tá dul chun cinn suntasach tagtha ar chuimsiú daoine LADTA+ le roinnt blianta anuas ó tugadh isteach An tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015 agus an tAcht um Inscne a Aithint, 2015. Chomh maith le reachtaíocht, tá iarrachtaí suntasacha déanta aghaidh a thabhairt ar éagothroime LADTA+ agus infheictheacht, sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn i measc phobail LADTA+.

 Mar sin féin, ní ghlactar go hiomlán le gach gné de shaol daoine LADTA+. Is é an spórt, an sacar go sonrach i gcomhthéacs an taighde seo, an réimse fócais. Is é uaillmhian an taighde torthaí an tsuirbhé a úsáid chun moltaí beartais agus oiliúna a chruthú.

 Tá an taighde anaithnid seo oscailte anois agus tugann sé deis do dhaoine LADTA+ os cionn 14 bliana d'aois a dtaithí a roinnt i dtaca le páirt a ghlacadh i suíomhanna sacair in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Agus é ag déanamh cur síos ar chomhthéacs an taighde, dúirt An Dr Matty Kennedy, Príomh-Imscrúdaitheoir ó Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

"Tá dul chun cinn suntasach déanta i gcuimsiú sochpholaitiúil daoine LADTA+ i bPoblacht na hÉireann le roinnt blianta anuas ó tugadh isteach An tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015, agus an tAcht um Inscne a Aithint, 2015. Chomh maith le reachtaíocht, tá iarrachtaí suntasacha déanta aghaidh a thabhairt ar éagothroime LADTA+ agus infheictheacht, sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn i measc phobail LADTA+, eadhon trí dhá straitéis náisiúnta; LGBTI+ Straitéis Óige Náisiúnta 2018-2020 (DCYA, 2018), agus an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Daoine LADTI+ 2019-2021 (DCEDIY, 2019)."

 "Mar sin féin, tá codanna de shaol daoine LADTA+ corrach agus ní ghlactar go hiomlán leo (Higgins et al., 2024). Is é an spórt, an sacar go sonrach i gcomhthéacs an taighde seo, an réimse fócais. Léiríonn litríocht idirnáisiúnta gur lú an seans go mbeidh daoine LADTA+ amuigh i gcomhthéacsanna peile (Cashmore agus Cleland, 2012; Stonewall, 2016) agus go bhfuil méadú ar na bacainní ar a rannpháirtíocht mar thoradh ar homafóibe, défóibe agus trasfóibe (Krøvel, 2016). Mar sin féin, léiríonn litríocht bhreise go gcabhraíonn cur i bhfeidhm fachtóirí dearfacha agus cosanta i suíomhanna peile le daoine LADTA+ tairbhe a bhaint as braistint chómhuintearais, tacaíochta agus ghlactha a chuireann go dearfach lena bhfolláine (Callwood agus Smith, 2019).

"Níor tugadh faoi thionscadal taighde cainníochtúil go náisiúnta riamh cheana ina ndéantar iniúchadh ar eispéiris daoine LADTA+ i suíomhanna sacair, agus speictream leathan rannpháirtíochta sa spórt á chur san áireamh idir lucht tacaíochta agus lúthchleasaithe gairmiúla. Mar fhreagra air sin, is é seo an chéad staidéar cainníochtúil atá dírithe ar an gcuimsitheacht LADTA+ i suíomhanna sacair in Éirinn. Tá sé mar aidhm aige eispéiris shonracha daoine LADTA+ a iniúchadh i dtaca le rannpháirtíocht, oscailteacht, idirdhealú agus ciapadh, bacainní agus fachtóirí dearfacha/cosanta i suíomhanna sacair. Tá sé mar aidhm ag an staidéar dul i ngleic leis an mbearna seo i dtaighde Éireannach agus idirnáisiúnta i dtaca le heispéiris daoine LADTA+ i suíomhanna sacair in Éirinn. Agus ar an gcaoi sin, cuirfear lenár gcuid eolais ar an gcuimsitheacht a bhaineann go sonrach le suíomhanna sacair agus tacófar le cur chuige beartais níos eolaí agus le socruithe, tacaíochtaí agus idirghabhálacha cuí do dhaoine LADTA+ sa spórt."

 Agus é ag labhairt ag seoladh an staidéir, dúirt Matty:

"Tá ríméad orainn an suirbhé taighde maidir le Cuimsitheacht LADTA+ sa Sacar in Éirinn a sheoladh. Is deis luachmhar í seo foghlaim faoi eispéiris daoine LADTA+ i suíomhanna sacair in Éirinn, agus aird ar leith á tabhairt ar na bacainní atá rompu maidir le rannpháirtíocht agus mar is féidir linn atmaisféar níos fiúntaí a chothú i dtaca le cuimsitheacht. Is mór an onóir dom a bheith i gceannas ar an taighde seo i gcomhar le Cumann Peile Bohemian, club a bhfuil a dtiomantas do cheartas sóisialta do phobail imeallaithe léirithe acu arís agus arís eile. Leis an suirbhé seo, tá súil againn moltaí beartais agus oiliúna a fhorbairt bunaithe ar na torthaí chun rannpháirtíocht daoine LADTA+ i gclubanna sacair ar fud na hÉireann a threisiú."

 Dúirt an tOllamh Agnes Higgins, Ollamh le hAltranas Meabhairshláinte, Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide:

 "Léirigh an staidéar, Being LGBTQI+ in Ireland, an tionchar dearfach a bhíonn ag athruithe beartais agus reachtaíochta ar shaol daoine LADTA+, ach léirigh sé go leor dúshlán freisin, lena n-áirítear bearnaí san eolas i réimsí ar nós Cuimsitheacht LADTA+ sa sacar in Éirinn. Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le cuimsiú, ceangal sóisialta agus gníomhaíocht fhisiciúil dár meabhairshláinte go léir, tá ríméad orm a bheith páirteach sa staidéar spreagúil seo, a chabhróidh ní hamháin le hinfheictheacht daoine LADTA+ a mhéadú laistigh den spórt, ach a chuirfidh bonn eolais faoi bheartas agus tacaíochtaí do dhaoine LADTA+."

 Agus é ag cur fáilte roimh an taighde, dúirt Comhchathaoirleach an Ghrúpa Oibre Taighde ar Chuimsitheacht LADTA+ sa Sacar in Éirinn agus Comhalta de chuid Choiste Bróid Chumann Peile Bohemian, Jim McElroy:

 "Tá ríméad orainn seoladh an chéad suirbhé seo ar chuimsitheacht LADTA+ sa sacar in Éirinn a fhógairt. Agus muid inár gclub faoi úinéireacht lucht leanúna,
creidimid go daingean gur féidir leis an sacar a bheith ina údar maitheasa. Táimid ag obair le blianta beaga anuas chun dlúthpháirtíocht níos mó a léiriú leis an bpobal LADTA+, trí ghníomhaíochtaí ár gcoiste Bróid, obair Bohs sa phobal, agus i gcomhpháirtíocht le ShoutOut agus the Dublin Devils. Molaimid do dhaoine LADTA+ a bhíonn páirteach sa sacar páirt a ghlacadh sa suirbhé agus tá súil againn go gcabhróidh na torthaí leis an mbeartas agus leis an gcleachtas sa sacar in Éirinn sna blianta amach romhainn."

 Ag labhairt dó faoi thábhacht an taighde agus é ina imreoir, dúirt Jamie Farrelly, Club Sacair Dublin Devils:

 "Ag fás aníos agus mé i m’imreoir agus i chuid den lucht leanta, bhraith mé gur ábhar toirmiscthe é bheith i do dhuine LADTA+ sa sacar agus bhíodh níos mó cainte ar ráflaí táblóideacha faoi imreoirí gairmiúla ná rannpháirtíocht LADTA+. Níos minice ná a mhalairt, bhraith mé uaigneach agus mé ag imirt sacair agus mar sin ní féidir gannmheas a dhéanamh ar chlub amhail Bohemians agus iad ag tabhairt aghaidh ar cheist na cuimsitheachta agus na hinfheictheachta LADTA+. Is píosa taighde fíorthábhachtach é seo a thabharfaidh deis do dhaoine LADTA+ ar deireadh labhairt faoina n-eispéiris leis an sacar."

Tá an staidéar ar Chuimsitheacht LADTA+ sa Sacar in Éirinn á reáchtáil ag an Dr Matty Kennedy (sé/siad) i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an staidéar seo á mhaoiniú ag Rethink Ireland trí Chumann Peile Bohemian. Tá réimse leathan eagraíochtaí ag obair ar an staidéar seo freisin, lena n-áirítear eagraíochtaí LADTA+ eile."

 

 

 

 

 

Media Contact:

Ciara O’Shea | Media Relations | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4204