Aighneas Punc agus Oidis in aghaidh na Plá - Is gearr uainn anois Féile mhór Thaighde Choláiste na Tríonóide sna Dána agus sna Daonnachtaí

Posted on: 23 September 2024

Aighneas Punc agus Oidis in aghaidh na Plá - Is gearr uainn anois Féile mhór Thaighde Choláiste na Tríonóide sna Dána agus sna Daonnachtaí

Beidh Féile Thaighde Choláiste na Tríonóide sna Dána agus sna Daonnachtaí ar siúl arís i mí Meán Fómhair le clár seachtaine de chainteanna agus de thaispeántais físeán saor ó tháille lena ndírítear aird ar an obair spéisiúil atá ar bun ag lucht taighde na hollscoile sna dána agus sna daonnachtaí.

Tá an Fhéile á heagrú ag Institiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Mol Seomra Fada Choláiste na Tríonóide agus beidh réimse leathan ábhair ar an gclár, mar shampla oidis in aghaidh na plá ó ré na meánaoise, an chúis gur fiú do dhlíodóirí ábhar litríochta a léamh, stair smaointe faoi chúrsaí timpeallachta nárbh iad ba stuama agus an dóigh inar féidir le ceol an domhan a athrú.

Beidh na himeachtaí ar siúl ó Dé Luain, an 23 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine, an 27 Meán Fómhair. Tá na himeachtaí ar fad saor ó tháille agus oscailte don phobal. Féach láithreán gréasáin na féile maidir le heolas breise.

Buaicphointí:

  • Cultúr na Teorann in Éirinn: Beidh tionscadal nua taighde á sheoladh trínar tiomsaíodh cartlann dhigiteach, a bhfuil saorchead í a úsáid, d’ábhar litríochta, amharc-ealaíne, cuimhní cinn agus scannánaíochta maidir le ‘imleach coigríche cultúir’ na hÉireann ón mbliain 1921 go dtí an lá atá inniu ann. [Dé Luain, an 23ú lá]
  • Dea-chomhairle don dlíodóir litríocht a léamh: Henry James, Star Wars agus eile, míníonn David Kenny an t-athrú a chuireann úrscéalta ar mheon dlíodóirí. [Dé Máirt, an 24ú lá]
  • Rogha na leabharlannaithe: cuirfidh lucht na leabharlainne na míreanna is ansa leo féin ar taispeáint as Bailiúcháin na Leabharlainne, ina measc oideas in aghaidh na plá as lámhscríbhinn de chuid an 15ú haois agus eolas maidir le hoileán miotasach Uí Bhreasail ar mhapa na hÉireann ón 16ú céad. [Dé Céadaoin, an 25ú lá]
  • Stair Smaointe nach Stuama faoi Chúrsaí Aeráide agus an Dúlra: Cíorann Katja Bruisch, Tim Stott, Diogo de Carvalho Cabral agus Francis Ludlow stair na smaointeoireachta, dá ainrianta agus dá mhístuama roinnt de na smaointe, faoi chúrsaí aeráide agus an dúlra, míntíriú bogaigh, geo-innealtóireacht agus Spaceship Earth ina measc. [Déardaoin, an 26ú lá]
  • Cad is Duine de chuid an 21ú hAois ann? Tugann Paul Murray, údar, faoin gceist mhór le Nick Johnson, saineolaí ar chúrsaí drámaíochta, Neville Cox, dlíodóir, agus Shane O'Meara, néareolaí. [Déardaoin, an 26ú lá]
  • An bhfuil ceol in ann an domhan a athrú? Darryl Jones ar conas a d’athraigh na Beatles sinn go deo; Balazs Apor faoin athbheochan ar cheol punk san Ungair faoi cheannas Viktor Orbán; Philip Coleman faoin tábhacht atá le ceol trom-mhiotail; Nicole Grimes faoin tost maidir le cumadóirí mná; Eoin O’Dell faoi chóipcheart, ceol agus AI; agus Jonathan Hodgers maidir le Bob Dylan. [Dé hAoine, an 27ú lá]
  • Taispeántas scannán: ‘Iarsmaí (Remnants)’, scannán faisnéise nua Gaeilge faoi thabhairt ar ais taisí daoine as Coláiste na Tríonóide go hInis Bó Finne; We Will Remain’ scannán faisnéise faoi dhreamanna de chuid Bheidiúnaigh na Palaistíne atá faoi bhagairt; agus ‘Acts of Memory’, scannán le Mairéad McClean ina ríomhtar scéal chartlann de chuid na hÉireann a scriosadh mar gheall ar chogaíocht agus a cuireadh i dtoll a chéile in athuair céad bliain dár gcionn ar bhonn scáth-thiomsúcháin. [Déardaoin, an 26ú lá]

Tá Féile Thaighde Choláiste na Tríonóide sna Dána agus sna Daonnachtaí á chur ar siúl i gcomhar le  START (Start Talking About Research Today)  agus Oíche Thaighde na hEorpa i gColáiste na Tríonóide a bheidh ar siúl Dé hAoine, an 27 Meán Fómhair.

Deir Eve Patten, Stiúrthóir Mhol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide: Déantar ceiliúradh, le Féile Thaighde Choláiste na Tríonóide sna Dána agus sna Daonnachtaí, féile bhliantúil a seoladh sa bhliain 2023, ar shaothar taighde agus cruthaitheachta den scoth. Tugann an fhéile deis faoi leith do scoláirí agus d’ealaíontóirí toradh a gcuid saothair a chur i láthair do lucht airdill forleathan, comhrá fiúntach a chothú lena gcuid comhghleacaithe, agus bearta nua comhair a chruthú ar fud na réimsí éagsúla léinn.”

“Tháinig níos mó ná 1,000 duine i láthair chuig an gcéad fhéile anuraidh nuair a eagraíodh níos mó ná 70 imeacht éagsúil i Mol an tSeomra Fhada agus i bhFoirgneamh na nEalaíon i gColáiste na Tríonóide. Beidh an saothar iontach taighde atá ar siúl i gColáiste na Tríonóide á léiriú arís i mbliana, saothar óna dtagann léargas nua ar chúrsaí cultúir agus staire agus ar chineál agus nádúr an duine lenár linn féin.”

Breis eolais: https://www.tcd.ie/trinitylongroomhub/events/trinity-arts-and-humanities-research-festival/

Media Contact:

Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551