Féile phoiblí ar an gCearnóg Thosaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar thaighde Choláiste na Tríonóide maidir le sláinte an linbh

Posted on: 18 September 2024

Beidh geataí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath á n-oscailt agus fáilte á cur roimh theaghlaigh agus roimh an bpobal i gcoitinne chuig an gCearnóg Thosaigh inniu do thráthnóna ceiliúrtha agus foghlama.

Beidh geataí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath á n-oscailt agus fáilte á cur roimh theaghlaigh agus roimh an bpobal i gcoitinne chuig an gCearnóg Thosaigh inniu [Dé Céadaoin, an 25 Meán Fómhair] do thráthnóna ceiliúrtha agus foghlama, ag an gcéad Fhéile riamh maidir le Taighde faoi Shláinte an Linbh.

 

Trí thaispeántais, léirithe agus cluichí a bheidh idirghníomhach, teagmhálach agus oideachasúil, tabharfaidh an Fhéile léiriú beo bríomhar ar an saothar éagsúil taighde a dhéantar i gColáiste na Tríonóide maidir le sláinte leanaí. Beidh deis agat bualadh leis na taighdeoirí le tuiscint a fháil ar conas mar atá feabhas á chur acu ar chaighdeán saoil leanaí agus a muintir ar fud na hÉireann, agus thar lear, trí dhul i ngleic le ceisteanna tromchúiseacha sláinte cosúil le diaibéiteas, pairilis cheirbreach, Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde, seipsis agus titimeas.

Ag trácht di faoin ócáid, dúirt an tOllamh Sinéad Ryan, Déan Taighde i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

“Is ábhar ríméid agam go mbeidh Féile Taighde Shláinte an Linbh ar siúl ar ár gcampas stairiúil i mí Mheán Fómhair. Tá nuálaíocht i réimse sláinte leanaí á spreagadh ag Coláiste na Tríonóide agus tugann an fhéile seo deis iontach do leanaí, do theaghlaigh, do thaighdeoirí, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh le gnéithe taispeántais idirghníomhaíochta ar eolas nua atá tugtha chun suntais.”

Is ceiliúradh faoi leith an Fhéile seo ar thaighde agus ar an gcaidreamh leis an bpobal d'fhonn fónamh do mhalartú eolais idir Coláiste na Tríonóide agus an pobal i gcoitinne. Tugtar deis neamhchoitianta do chomhrá neamhfhoirmeálta tarlú idir taighdeoirí agus an pobal, comhrá a d'fhéadfadh smaointe nua a chothú agus, dá dtarlaíodh, eolas nua a thabhairt chun cinn. Beidh ardáin taispeántais idirghníomhaíochta de leithéid Lego Serious Play, Teddy Bear Clinics, agus Gene Genie Puppet Show ina gcabhair maidir le coincheapa casta taighde a mhíniú mar mhíreanna spéisiula, taitneamhacha ionas go gcruthaítear timpeallacht ina dtarlaíonn malartú eolais ar bhealaí taitneamhacha.

Dúirt an tOllamh Imelda Coyne, Stiúrthóir Lárionad Taighde Óige Choláiste na Tríonóide:

“I mo Stiúrthóir dom ar Lárionad Taighde Óige Choláiste na Tríonóide (TRiCC), is cúis ríméid dom Féile Taighde Shláinte an Linbh a bheith á eagrú ar ár gcampas stairiúil. Is deis iontach an fhéile seo tuiscint níos fearr a fháil ar an obair thaighde atá ar siúl againn d'fhonn feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine leanaí.”

Luaigh an tOllamh Eleanor Molloy, Ollamh Péidiatraice & Sláinte Leanaí, Scoil an Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Comhstiúrthóir Lárionad Taighde Óige Choláiste na Tríonóide:

“I m'Ollamh Péidiatraice & Sláinte Leanaí dom, is ábhar mórtais go mbeidh an taighde sainiúil agus rífhiúntach a dhéantar anseo i gColáiste na Tríonóide á léiriú ag an bhFéile uathúil seo i gcomhar le Sláinte Leanaí Éireann agus lenár n-ospidéil chlinice, d'fhonn feabhas ar shláinte agus ar fholláine na leanaí agus na dteaghlach ar fud na hÉireann a chur chun cinn.“ 

Tá an ócáid seo á heagrú i gcomhar idir Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais agus Scoil an Leighis i gColáiste na Tríonóide agus í á heagrú mar réamhócáid le hOíche Eorpach na dTaighdeoirí 2024 i gColáiste na Tríonóide. Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Aontas Eorpach (faoin gclár Fís Eorpach) don ócáid chun an fhor-rochtain eolaíochta a cheiliúradh agus a chur chun cinn trasna na hEorpa.

Níl aon ticéad le cur in áirithe agus tá fáilte mhór roimh an uile dhuine teacht i láthair ar an 25 Meán Fómhair idir a 3 agus a 7 i.n.

Media Contact:

Ciara O’Shea | Media Relations | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4204