Buataisí Doc Marten, Cloig agus Sionnach: Insítear scéal Choláiste na Tríonóide trí 50 mír
Posted on: 04 July 2024
Sa bhliain 2016, rinne mac léinn ar an mBonnchúrsa, Sandra Redmond, cur i láthair d’fhoireann Chlár Rochtana na Tríonóide (TAP), a thugann tacaíocht do mhic léinn ó cheantair faoi ghannionadaíocht. Bhí péire buataisí burgúnacha Dr Marten curtha in oiriúint go cúramach aici, agus línte ó dhán W.B. Yeats, Aedh Wishes for the Cloths of Heaven greanta aici ar na buataisí.
Tá íomhá de na buataisí áille seo, mar a tharlaíonn sé, na bróga is ansa le glúnta de mhic léinn Choláiste na Tríonóide, ar liosta de 50 mír a insíonn scéal Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Is féidir é sin go léir a fheiceáil in Trinity in 50, The Story of a University, leabhar nua maidir leis an ollscoil a foilsíodh le gairid.
Áirítear ar raon eicléictiúil míreanna, dhá phortráid shuntasacha a chruthaigh rannpháirtithe i gClár Caradaithe chun ainmniúchán Choláiste na Tríonóide a léiriú mar Ollscoil Tearmainn sa bhliain 2021.
Ó shaothar Samuel Beckett go dtí na dealbha brád atá sa tSean-Leabharlann, léirítear sa leabhar seo seoda ealaíne, ábhar agus achoimriú, an bhrí a ghabhann leo agus na scéalta a insíonn siad maidir le stair na hollscoile.
Tá íomhá de Sam roghnaithe freisin, sionnach cáiliúil Choláiste na Tríonóide, sionnach beag baineann a rinne baile den champas le linn dhianghlasáil COVID- 19. Thug an fhoireann aire don sionnach beag agus bhí cúig choileán aici.
Agus ar leathanach eile, bhí an sféar cré-umha mar phointe teagmhála ar an gcampas lasmuigh den Leabharlann ó suiteáladh é sna 1980aidí - Arnaldo Pomodoro’s Sfera con Sfera (sféar laistigh de sféar) a sheasann do bhailiúchán ealaíne na hOllscoile a chuimsíonn 2,500 saothar i 500 láthair.
Agus ceann eile fós, Stevie an róbat, cúntóir cuiditheach AI atá deartha i gColáiste na Tríonóide chun feabhas a chur ar an gcaighdeán saoil do dhaoine scothaosta i socrúcháin chúraim.
Tá an Clog Gorm féin ann freisin, tá an clog seo le feiceáil ag cuairteoirí os cionn Gheata Choláiste na Tríonóide agus gabhann a scéal féin leis. Sa bhliain 1880, socraigh Réadlann Dhún Sinche, a osclaíodh céad bliain roimhe sin mar Réadlann a bhí ceangailte le Coláiste na Tríonóide, Meán-Am Bhaile Átha Cliath. Bhí an Clog Gorm ar cheann de cheithre chlog phoiblí i mBaile Átha Cliath a bhí sioncrónaithe le Dún Sinche. Mhair Meán-Am Bhaile Átha Cliath (a bhí socraithe 25 nóiméad agus 21 soicind taobh thiar den GMT) go dtí an bhliain 1916.
Is iad pobal agus alumnas an Choláiste a roghnaigh na ‘míreanna’.
Tabharfar tacaíocht d’obair Choláiste na Tríonóide mar Ollscoil Tearmainn trí chion den teacht isteach ón leabhar a rachaidh chuig Ciste Tearmainn Choláiste na Tríonóide. Tacaíonn an Ciste seo le mic léinn agus le scoláirí atá ar a dteitheadh ó chogadh agus ó ghéarleanúint. Tacaíonn Coláiste na Tríonóide le mic léinn agus le scoláirí trí scoláireachtaí chomh maith le tionscnaimh phobail ar nós ranganna Béarla do dhídeanaithe a chur ar fáil.
Féach siopa ar líne Choláiste na Tríonóide anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil: https://gifts.tcd.ie/trinity-in-50-the-story-of-a-university
Media Contact:
Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie