Rianú déanta ar fhréamhacha doimhne an éirí amach ón nGorta Mór go dtí tréimhse Réabhlóideach na hÉireann
Posted on: 02 March 2023
De réir taighde nua ó staraithe eacnamaíocha, bhí sé níos dóchúla gurbh as na teaghlaigh agus na ceantair ba mó a raibh tionchar ag an nGorta Mór orthu do reibiliúnaigh na hÉireann a d’éirigh amach in aghaidh riail na Breataine.
Bhain an staidéar, dar teideal ‘The Deep Roots of Rebellion’, úsáid as modheolaíochtaí ó réimse na heacnamaíochta chun tionchar an Ghorta Mhóir (1845-50) a thomhas.
Trí shonraí aeráide a chomhcheangal le tuarascálacha staire comhaimseartha agus taifid de dhaonáireamh na hÉireann, thomhais na taighdeoirí cé chomh mór is a chuaigh an Gorta i bhfeidhm ar theaghlaigh Éireannacha agus cé chomh dóchúil agus a bhí sé go nglacfadh daoine aonair páirt san éirí amach dhá ghlúin níos déanaí.
In anailís a rinneadh ar níos mó ná 2.7 milliún pointe sonraí staire, tháinig na taighdeoirí ar thaighde láidir a léirigh go raibh sé níos dóchúla do dhaoine aonair ar d’fhulaing a dteaghlaigh i rith an Ghorta dul i mbun comhraic dhá ghlúin níos déanaí agus éirí amach le linn thréimhse réabhlóideach na hÉireann (1916-21).
Taobh amuigh de léargas nua a thabhairt ar fhréamhacha doimhne éirí amach na hÉireann, cuireann an taighde lenár dtuiscint ar an gcaoi ar féidir le heachtraí staire radacacha corraíl shóisialta a mhíniú na glúnta níos déanaí.
Rinne an Dr Gaia Narciso, Stiúrthóir an Lárionaid don Eacnamaíocht, Polasaí agus Stair, Roinn na hEacnamaíochta, Coláiste na Tríonóide, an taighde i gcomhar leis an Dr Battista Severgnini, Ollamh Comhlach, Scoil Ghnó Chóbanhávan, agus foilsíodh le déanaí é i bpáipéar san Journal of Development Economics.
Dúirt an Dr Gaia Narciso, Ollamh Comhlach, Roinn na hEacnamaíochta, Coláiste na Tríonóide:
“Cheadaigh flúirse na sonraí staire atá ar fáil i nDaonáireamh na bliana 1911 agus i dtaifid staire eile dúinn tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a chuaigh an Gorta Mór i bhfeidhm ar gach sloinne in Éirinn. Déanaimid iniúchadh ar dháileadh sloinnte thar áit agus thar am chun an chaoi a mhair naimhdeas an éirí amach thar na glúnta a rianú.”
“Ceadaíonn an úsáid nua a baineadh as modheolaíochtaí eacnaiméadracha san anailís ar na sonraí staire seo dúinn seasamh siar ó scéalta staire aonair chun tuiscint níos fearr a fháil ar éifeachtaí fadtéarmacha an Ghorta Mhóir.”
“Léirímid go raibh sé níos dóchúla go nglacfadh daoine aonair, a raibh an tionchar is mó ag an nGorta Mór ar a dteaghlaigh, páirt san éirí amach i gcoinne riail na Breataine le linn thréimse na réabhlóide, níos mó ná 70 bliain tar éis an Ghorta.”
Is léiriú é an taighde ar an obair atá ar bun sa Lárionad don Eacnamaíocht, Polasaí agus Stair a cuireadh ar bun le déanaí, arna mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas faoin gclár Thuaidh-Theas. Lonnaithe i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, tugann an Lárionad nua eacnamaíocht agus stair le chéile chun ceisteanna staire faoi fhorbairt sheanbhunaithe na sochaí a fhreagairt.
Dúirt an Dr Battista Severgnini, Ollamh Comhlach, Scoil Ghnó Chóbanhávan:
“Ba cheann de na tubaistí ba mhó i stair na linne seo é an Gorta Mór, a tharla de dheasca dúchan na bprátaí, agus ar básadh 1 milliún duine dá bharr mar gheall ar ocras agus ar ghalair ghaolmhara, agus d’imigh 1 milliún duine ar imirce as daonra 8.5 milliún duine. Cé go raibh tionchar ar an toirt ag an nGorta Mór, tugann fianaise stairiúil le fios go raibh éirí amach, a raibh spreagadh polaitiúil taobh thiar de, ag borradh ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.”
“Déantar staidéar ar chorraíl shóisialta agus ar choimhlint shibhialta i ndiaidh an ghnímh de ghnáth, agus ciallaíonn sé sin go mbíonn sé deacair na cúinsí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bhaineann le cinneadh duine aonair éirí amach a shoiléiriú. Is é seo an chéad staidéar atá déanta go hidirnáisiúnta a léiríonn an ról a bhíonn ag suaitheadh mór díobhálach agus míniú á thabhairt ar chorraíl shóisialta sa deireadh thiar thall.”