Na chéad dealbha de mhná curtha i Sean-Leabharlann Choláiste na Tríonóide

Posted on: 01 February 2023

Cuirfear na dealbha nua, arb iad na chéad dealbha a coimisiúnaíodh le breis agus céad bliain, ar taispeáint i measc na 40 dealbh bhrád mharmair ar an dá thaobh de Sheomra Fada stairiúil Choláiste na Tríonóide, ar dhealbha d’fhir iad ar fad go dtí seo.

Na chéad dealbha de mhná curtha i Sean-Leabharlann Choláiste na Tríonóide

Ar Lá Fhéile Bríde (an 1 Feabhra 2023), tá ceithre dhealbh nua curtha i Sean-Leabharlann Choláiste na Tríonóide chun ómós a léiriú do léann ceathrar ban ceannródaíoch.

Is iad an t-eolaí Rosalind Franklin, an bealoideasóir, drámadóir agus bunaitheoir amharclainne Augusta Gregory, an matamaiticeoir Ada Lovelace agus an t-urlabhraí ar son chearta na mban a bhí ar thús cadhnaíochta, Mary Wollstonecraft, na mná a bhfuil a macasamhail déanta i bhfoirm deilbhe.

Cuirfear na dealbha nua, arb iad na chéad dealbha a coimisiúnaíodh le breis agus céad bliain, ar taispeáint i measc na 40 dealbh bhrád mharmair ar an dá thaobh de Sheomra Fada stairiúil Choláiste na Tríonóide, ar dhealbha d’fhir iad ar fad go dtí seo. Is samhlacha d’fhir móra na staire iad na dealbha brád atá ann faoi láthair, a bhfuil leithéidí Homer, Shakespeare, an Déan Jonathan Swift, an Ridire Rowan Hamilton agus Wolfe Tone ina measc.

Ba í an Dr Máire Mhic Ghiolla Íosa, Seansailéir Choláiste na Tríonóide, a sheol na dealbha nua ag searmanas sa Seomra Fada. Is ionann na dealbha nua seo a bheith curtha sa Seomra Fada agus an chéad chéim i dtreo ionadaíocht níos fearr ar éagsúlacht phobal na hollscoile a bheith ann i ngach ceann de spásanna poiblí Choláiste na Tríonóide. Coimisiúnaíodh ceathrar ealaíontóirí cumasacha chun na dealbha a dhéanamh, is iad sin: Maudie Brady (Ada Lovelace); Rowan Gillespie (Mary Wollstonecraft); Vera Klute (Rosalind Franklin) agus Guy Reid (Augusta Gregory).

Rosalind Franklin sculpture

Is éard a dúirt an Propast Linda Doyle:

“Fad a bhíonn sé tábhachtach meas a bheith againn ar thraidisiún, bíonn sé tábhachtach traidisiún a bhriseadh in amanna freisin. Táimid ag fanacht ar na dealbha seo de mhná le fada an lá. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an uile dhuine a raibh baint acu leis na saothair áille seo a chruthú agus a shuiteáil.

Is gné sháraitheanta de Sheomra Fada Choláiste na Tríonóide iad na dealbha, agus tá súil agam gurb é a bheidh mar thoradh ar shamhlacha an cheathrar ban éisceachtúil seo a chur isteach sa Seomra Fada ná go ndéanfar an t-aitheantas forleathan a thugtar d’ionchur iontach na mban ar fud réimsí éagsúla a chur chun cinn.”

 

Dúirt an Leabharlannaí Helen Shenton:

“Ar an lá fabhrach seo, Lá Fhéile Bríde, déanaimid ceiliúradh ar scoláireacht na mban leis na dealbha seo i Seomra Fada na Sean-Leabharlainne. Onóir bhuan don mhéid a rinne na mná aonair seo ar son thóraíocht an léinn agus ar son na sochaí a bheidh iontu sa lárionad foghlama seo i gcroílár Choláiste na Tríonóide.”

 

Ba sa bhliain 2020 a roghnaíodh an ceathrar ban a bhfuil urraim á tabhairt dóibh inniu, tar éis do mhic léinn, baill foirne agus iar-mhic léinn os cionn 500 bean a ainmniú. Bhí ceannródaithe nuálacha as raon leathan réimsí i measc na mban sin, ar dhaoine aonair iad a rinne fónamh suntasach do chúrsaí léinn agus cultúir síos tríd na blianta. 

Sa bhliain 2021, tar éis próiseas cuimsitheach gearrliostaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar bun, tugadh cuireadh do naonúr ealaíontóirí, agus tugadh tacaíocht airgeadais dóibh, chun maquette (réamh-mhúnla) de bheirt de na mná a ainmníodh a sheoladh ar aghaidh, agus ba uaidh sin a roghnaíodh an ceathrar ealaíontóirí deiridh.

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

 

Beathaisnéisí na mban a bhfuil onóir á tabhairt dóibh

 

Mary Wollstonecraft (1759-1797)

Urlabhraí ceannródaíoch ar son chearta na mban ba ea Mary Wollstonecraft, agus ba í údar A Vindication of the Rights of Women (1792), ar minic a mheastar é a bheith ar cheann de na buntéacsanna do ghluaiseacht chearta na mban. Smaointeoir radacach a bhí inti i gcomhthéacs an ama, agus d’áitigh sí go bhfuil acmhainn smaointeoireachta loighciúla agus réasúin ag gach duine. D’áitigh sí freisin go gcaithfear ligean do mhná oideachas a fháil agus fónamh cothrom a dhéanamh sa tsochaí. Is éard a dúirt sí ar an ábhar seo in A Vindication ná go raibh a príomhargóint bunaithe ar an bprionsabal simplí seo: mura n-ullmhaítear bean le bheith ina comrádaí ag fir trí oideachas a chur uirthi, cuirfidh sí stop le cur chun cinn na faisnéise agus na suáilce.

 

Ada Lovelace (1815-1852)

Ba í Augusta Ada King, Cuntaois Lovelace, údar monagraif sa bhliain 1843 ar dhearadh Charles Babbage don chéad inneall anailíse (ríomhaire ilfheidhmeach). Chuir Lovelace a cuid Nótaí féin, a bhfuil cáil orthu anois, leis an aistriúchán a rinne sí ar thuarascáil Menabrea, inar tharraing sí aird ar an gcumas a bhí in inneall anailíse agus an tsolúbthacht a bhain leis i gcomórtas le háireamhán. Áiríodh sna Nótaí seo algartam chun uimhreacha Bernouilli a ríomh agus b’ionann iad agus réamhtheachtaí de cheol ríomhghinte freisin. B’in céad bliain sular chruthaigh Alan Turing gur theastaigh airíonna atá intreach do ríomhairí anois chun éachtaí den sórt sin a bhaint amach. Airíonna ab ea iad sin a bhí i gceist le dearadh Babbage. Ba é an fónamh ar leith a rinne Ada Lovelace ná aitheantas a thabhairt den chéad uair d’acmhainn ríomhairí chun tátail loighciúla a dhéanamh faoi oibiachtaí uimhriúla agus neamhuimhriúla araon.

 

Augusta Gregory (1852 -1932)

Bhí an Bhantiarna Gregory ar dhuine de na pearsana is suntasaí den aos liteartha agus ealaíon le linn Athbheochan na Litríochta in Éirinn. Is mór an tairbhe a rinne a cuid oibre mar scríbhneoir, drámadóir, bunaitheoir amharclainne, tacadóir leis an nGaeilge, aistritheoir, béaloideasóir agus tráchtaire sóisialta chun bunphrionsabail an náisiúnachais cultúir a leagan amach agus a chur os comhair an tsaoil sna blianta roimh bhunú Shaorstát Éireann agus sna blianta ina dhiaidh sin. Sa lá atá inniu ann, bíonn an lucht léinn ag filleadh ar shaothar ceannródaíoch Augusta Gregory mar gheall ar an ealaíontacht a bhaineann leis, mar gheall ar an léargas atá ar fáil ann ar thréimhse chasta réabhlóideach na tíre agus chun iniúchadh a dhéanamh ar an ról a bhí ag teanga agus litríocht maidir le féiniúlacht na hÉireann a shainiú mar fhéiniúlacht éagsúil fhéinchinntitheach ghaisciúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.

 

Rosalind Franklin (1920-1958) Is iomaí bealach a bhfuil fionnachtana eolaíochta Rosalind Franklin imithe chun sochair an chine daonna. Ó tharla gur thurgnamhaí go smior a bhí inti a raibh scil ar leith aici i réimse na criostalagrafaíochta x-ghathaí, agus in ainneoin gur tháinig deireadh lena gairm roimh am nuair a bhásaigh sí gan í ach 37 mbliana d’aois, d’éirigh léi dhá mhór-éacht a dhéanamh a bhí ina n-ionchur barrthábhachtach ina réimse oibre: de bharr a cuid anailíse gan locht, gineadh tomhais ríthábhachtacha a bhain le ceann de na fionnachtana is claochlaithí sa 20ú haois, ba é sin tuiscint a fháil ar struchtúr DNA. Bhí tionchar chomh tábhachtach céanna ag an obair a rinne sí níos déanaí ina gairm chun struchtúr víris RNA a thabhairt chun solais, lena n-áirítear luathshaothar ar víreas Póilió. Chuaigh a cuid fionnachtana sa dá réimse sin chun fónaimh d’eolaithe ar bronnadh duaiseanna Nobel orthu tar éis a báis, níor áiríodh í féin ina measc (de bharr nach féidir duais Nobel a bhronnadh ar dhuine tar éis dó/di bás a fháil.) Cé gur minic a smaoinítear ar dhuais Nobel a bheith ceilte uirthi nuair a luaitear a hainm, d’fhág sí oidhreacht i bhfad níos suntasaí ná sin ina diaidh.

 

Beathaisnéisí na nEalaíontóirí

 

Maudie Brady (Ada Lovelace)

Tar éis di céim a bhaint amach sa bhliain 1995 ó Ollscoil Melbourne (Baitsiléir Ealaíne) agus ó Institiúid Ríoga Teicneolaíochta Melbourne (Baitsiléir sa Mhínealaín - Dealbhóireacht), chuaigh

Maudie le gairm i dTionscal na Scannán agus na Teilifíse ón mbliain 1998 ar aghaidh agus d’fhoghlaim sí réimse leathan scileanna i gcaitheamh na chéad dhá bhliain déag eile. Thug sí faoi deara go raibh i bhfad eile le foghlaim fós aici faoi dhealbhóireacht fhíorach, agus chuaigh sí chun oiliúint a fháil in Acadamh Ealaíne Florence san Iodáil (FAA). Chríochnaigh sí an Dioplóma sa Dealbhóireacht Fhíorach in FAA sa bhliain 2016 agus scoláireacht teagaisc mac léinn aici. Bíonn sí fós ag teagasc sa Roinn Dealbhóireachta in FAA agus tá sí ina Stiúrthóir Anatamaíochta agus Ecorché ann. Ar na gradaim atá faighte aici, áirítear Comhbhuaiteoir Dhuais Tom Bass sna blianta 2022 agus 2016, Duais an Chumainn do FACE2018, an Duais don Nochtfhíorach is Fearr dá dealbh ar mhéid nádúrtha dar teideal ‘Laura’ ag 12ú Comórtas Shalón Idirnáisiúnta ARC, agus fuair sí Moladh ar Leith dá saothair ‘Wounded Faun’, ‘Muninn’s Fate’, agus ‘Forsaken Son’ ag 13ú agus 14ú Salón Idirnáisiúnta ARC. Cheannaigh Museo Europeo de Arte Moderno (‘MEAM’, Barcelona) an dealbh ‘Laura’ sa bhliain 2017 dá Bhailiúchán Buan.

Rowan Gillespie (Mary Wollstonecraft)

Ó chruthaigh sé na dealbha Famine i mBaile Átha Claith agus Migrants in Toronto ina dhiaidh sin, tá Rowan Gillespie ag cur tuilleadh spéise i rith an ama i gcás na ndaoine sin a chuaigh ar imirce go tíortha i gcéin. Bíonn sé ag tabhairt na mílte a bhásaigh ar Staten Island chun cuimhne agus ag ceiliúradh an lín bhig imirceach a rinne éachtaí le linn a saoil in ainneoin na n-ainneoin, amhail an tArdeaspag John Hughes agus Johnny Kilbane. Tá dealbha déanta aige de James Joyce, George Bernard Shaw, Samuel Beckett, W B Yeats, Seamus Heaney, an Ridire William Orpen, Turlough O’Carolan agus Gerard Manley Hopkins. De bharr na tuisceana gur fir ar fad a bhí sna dealbha seo, tá Rowan ag tapú na deise le déanaí chun mná a díbríodh as Éirinn a choimeád i gcuimhne. Ar fhágáil na hÉireann dóibh, ba shaol sclábhaíochta, náire agus brúidiúlachta a bhí roimh na mná seo, mná a sháraigh gach bac chun go ndéanfaí máithreacha, oidí, gríosóirí agus treoraithe morálta Astráil na linne seo díobh. Smaoiníonn Gillespie ar an gcoimisiún seo don Seomra Fada mar dheis chun leanúint leis an obair seo trí thaighde a dhéanamh ar bhean agus ceannródaí mór le rá eile, is í sin Mary Wollstonecraft, agus dealbh a dhéanamh di.

 

Vera Klute (Rosalind Franklin)

Is ealaíontóir ildisciplíneach í Vera Klute. Clúdaíonn sí réimsí éagsúla ina cuid saothair, lena n-áirítear péintéireacht, dealbhóireacht, fístaifeadadh agus suiteáil. Rugadh í sa Ghearmáin agus tá sí lonnaithe in Éirinn ón mbliain 2001. Tá taispeántais aonair déanta aici san Acadamh Ibeirneach Ríoga (AIR), i nDánlann Butler, i nDánlann Chathair Luimnigh (seó beirte), i nDánlann Molesworth, i nDánlann QSS agus sa LAB (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath). Tá saothar dá cuid i mbailiúcháin phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear i mbailiúcháin de chuid an Ghailearaí Náisiúnta, an Bhailiúcháin Náisiúnta Féinphortráidí, na Comhairle Ealaíon, Oifig na nOibreacha Poiblí, Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Dhánlann Butler. Ar na héachtaí is déanaí atá bainte amach aici, bhuaigh sí Gradam Anita Young (2022) agus Gradam Barr Feabhais Inbhuanaitheachta Hanley Energy (2021). Áirítear ar na gradaim eile atá aici Gradam Mínealaíne Solomon don dealbhóireacht (2020), Duais Portráide Hennessy ón nGailearaí Náisiúnta agus Scoláireacht Hennessy Craig ón AIR (sa bhliain 2015 araon), Gradam K+M Evans (2013) agus Gradam EVA ó Ionad Ealaíon Loch Garman (2009). Tá roinnt Duais-sparánachtaí de chuid na Comhairle Ealaíon faighte aici agus toghadh í ina Ball Comhlach den AIR sa bhliain 2018.

 

Guy Reid (Augusta Gregory)

Is ealaíontóir Angla-Fhrancach é Guy Reid atá ag cur faoi agus ag obair in iardheisceart na Fraince. Chuir sé tús lena chuid oiliúna mar ealaíontóir ina shnoíodóir sa stíl chlasaiceach sa bhliain 1985, agus lean sé ar aghaidh chun dul ag obair i gceardlann Spink a bhfuil clú domhanda uirthi. Is ann a rinne sé saothar d’institiúidí amhail an Metropolitan Museum i Nua-Eabhrac, an Getty Museum in California agus an Sir John Soane Museum i Londain. I lár na 1990idí, thosaigh sé ag snoí portráidí adhmaid teile, agus péinteálann sé an chuid is mó acu freisin agus cuireadh ar taispeáint iad seo go fairsing ar fud na hEorpa, na Stát Aontaithe agus na hAstráile. Sa bhliain 2001, coimisiúnaíodh é chun portráid a dhéanamh den Ridire Alan Goodison, Ambasadóir na Breataine d’Éirinn (1983-68) agus duine de na príomh-idirbheartaithe a bhí ag plé leis an gComhaontú Angla-Éireannach; áirítear ar na portráidí eile dá coimisiúnaíodh é an Ridire Philip Pullman, Alan Carr, agus an Bhantiarna Jacqueline Wilson do Ghailearaí Náisiúnta Portráidí na Breataine. Ar na coimisiúin phoiblí a fuair sé, áirítear ceithre cinn portráide déag do Halla Guesten in Avoncroft Museum. Sa bhliain 2015, bhuaigh Guy gradam measúil Chumann na nDealbhóirí don phortráid is fearr agus bhuaigh sé a ngradam don phortráid iasachta is fearr sa bhliain 2020. Amhail an bhliain 2021, shealbhaigh Gailearaí Náisiúnta Portráidí na Breataine dara portráid den Bhantiarna Jacqueline Wilson dá bhailiúchán buan.

 

Ar an bpainéal a roghnaigh an ceathrar ealaíontóirí, bhí:

 

Helen Shenton, (cathaoirleach) Leabharlannaí & Cartlannaí an Choláiste, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Sean Rainbird, Stiúrthóir, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Eugene Downes, Stiúrthóir Cultúir, An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Catherine Giltrap, (bainisteoir coimisiúin) Coimeádaí agus Ceann Bhailiúcháin Ealaíne na hOllscoile, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

An Dr Angela Griffith, Stiúrthóir an Lárionaid Taighde um Ealaín na hÉireann agus Ollamh Cúnta, Roinn na Staire agus na hAiltireachta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

CRÍOCH

Media Contact:

Catherine O’Mahony | Media Relations | catherine.omahony@tcd.ie